Skip to main content

DiscoverEU

Má tá tú 18 mbliana d’aois agus má tá cónaí ort i dtír atá páirteach sa Chlár Erasmus+, tá sé in am duit do dhúshlán féin a thabhairt.

Finding new teammates starts here

Comórtas grianghraf agus físeán #DiscoverEU

Cad a chiallaíonn an oidhreacht chultúrtha duitse?

Le linn an eagráin seo de Chomórtas Grianghraf agus Físeán DiscoverEU, táimid ag iarraidh go gcomhroinnfidh tú samplaí den oidhreacht chultúrtha ar tháinig tú uirthi agus tú ag taisteal tríd an Eoraip – ar cibé bealach ar mian leat í a léiriú! B’fhéidir gur saineolaí scannán nó faisin thú, nó gur duine mór bia thú i do chroí istigh. Chun spreagadh a fháil, féach Bealaí Cultúrtha DiscoverEU. Roinn grianghraf nó físeán d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa, agus d’fhéadfá duais ar fiú suas le €100 í a bhuachan!

Is é #EuropeanCulturalHeritage a bheidh mar théama an chomórtais go dtí an 15 Deireadh Fómhair! 

Rialacha:

  1. Comhroinn do ghrianghraf nó d'fhíseán gearr (15 shoicind ar a mhéad) ar do chuntas poiblí Instagram
  2. Cuir na haischlibeanna #DiscoverEU agus #Competition le do phostáil.
  3. Clibeáil cuntas Instagram Thairseach Eorpach na hÓige le @european_youth_eu sa ghrianghraf nó sa phostáil ar na meáin shóisialta
  4. Líon isteach an fhoirm thoilithe ag: https://youth.europa.eu/discovereu/competition/consent 
  5. Iarr ar do chairde ‘is maith liom’ a chliceáil faoi do ghrianghraf/d’fhíseán

Níl an comórtas seo oscailte ach do na daoine óga a chuir isteach ar bhabhta iarratais #DiscoverEU in 2018, 2019, 2021 agus 2022 (rannpháirtithe a roghnaíodh agus nár roghnaíodh).

Bronnfar duais ar fiú €100 í ar na buaiteoirí.

Léigh na téarmaí agus coinníollacha iomlána

Taispeáin an t-ábhar seachtrach

This content is hosted by a third party. By showing the external content you accept the terms and conditions of instagram.com.