Skip to main content
© Sharon McCutcheon - Unsplash © Sharon McCutcheon - Unsplash

Cearta LADTI san Eoraip

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 02/11/2021

Fiú sa lá atá inniu ann san Eoraip, fulaingíonn lucht leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach nó idirghnéasach (LADTI) ó idirdhealú ar fud na cruinne.Tugtar tosaíocht mhór do chosaint chearta LADTI san Aontas.

Tá an tAontas Eorpach ag obair ar son an chomhionannais do lucht leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach le 25 bliana anuas. Is grúpa ilghnéitheach é an grúpa LADTI agus cuimsíonn na cearta atá acu cearta pobal eile, cuir i gcás daoine Aiteacha, Éighnéasacha agus Ilghnéasacha. Ba cheart go mbeadh gach duine in ann a bheith mórtasach astu féin agus an té a bhfuil cion a gcroí acu air!  

Rinne an Coimisiún Eorpach iarracht feasacht a ardú do chearta LADTI, agus é mar sprioc aige a thaispeáint don saol mór gur cuma cé air a bhfuil cion againn nó cé muid féin, gur cheart na cearta céanna a bheith ag gach duine. Chuir an tAontas cosaint do lucht LADTI isteach i bpríomhdhoiciméid dlí, mar shampla Conradh Amstardam (1997), an Chairt um Chearta Bunúsacha (2000) agus treoracha i gcoinne an idirdhealaithe. Ar ndóigh, tá an cás difriúil san Aontas ó thír amháin go chéile.  

Céard é scéal na saoránach LADTI san Eoraip?

In 2013, chuir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha torthaí suirbhé i láthair inar taispeánadh go bhfulaingíonn lucht LADTI idirdhealú, ciapadh, fuathchaint agus foréigean ar fud an Aontais, agus go mbíonn a gcearta bunúsacha thíos leis. Is beag dul chun cinn a thaispeántar i dtorthaí Shuirbhé II LADTI an Aontais Eorpaigh

"Tá sé ag tarlú i gcónaí agus is rud é a chuirfeadh iontas ort ach tá móramh lucht LADTI ar fud na hEorpa nach bhfuil ag iarraidh go bhfeicfí iad i ngreim lámh le páirtnéir comhghnéis. Chuirfeadh patrúin den idirdhealú, nó fiú den fhoréigean, imní mhór ort. Agus fós féin, i mbeagnach gach áit, is beag duine acu sin a ndéantar ionsaí orthu a thugann tuairisc maidir leis an eachtra do na húdaráis.” Michael O'Flaherty, Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha, Márta 2020 

Tá roinnt tíortha san Aontas ag dul ar gcúl maidir le cearta LADTI.Tá rudaí geall leis an bhfuathchainte, chomh maith leis an bhforéigean homafóbach agus trasfhóbach i bhfad ró-choitianta, fiú i dtíortha ina bhfuil dul chun cinn suntasach déanta. Tá an tAontas ag obair ar straitéis nua faoi láthair chun dul i ngleic leis an gcás seo.

Déanann eagraíochtaí neamhbhrabúsacha monatóireacht ar chúrsaí a bhaineann le cearta LADTI, eagraíochtaí ar nós ILGA-Europe a fhoilsíonn uirlis tagarmharcála bhliantúil ar a dtugtar Rainbow Europe ina ndéantar aicmiú ar 49 dtír san Eoraip maidir lena ndlíthe agus lena mbeartais i leith comhionannas LADTI.  

An bhfuil spéis agat páirt a ghlacadh in eagraíochtaí LADTI a oibríonn ar son cearta comhionannais? 

Tugtar cosaint in Airteagal 19 den Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine don cheart atá ag gach duine é féin a chur in iúl faoi shaoirse. Tá eagraíochtaí difriúla na sochaí sibhialta gníomhach ag cosaint chearta an phobail LADTI agus ag déanamh cinnte go dtugtar urraim do na prionsabail sin. Faigheann roinnt acu maoiniú ón Aontas chun tacú lena gcuid gníomhaíochtaí.  

Seo a leanas roinnt de na líonraí Eorpacha – féach a gcuid gníomhaíochtaí agus an liosta dá gcomhaltaí náisiúnta chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chearta a chosaint agus beart a dhéanamh:

Ar mhaith leat tuairisc a thabhairt maidir le hidirdhealú?

De réir thorthaí an tSuirbhé LADTI, is minic nach dtugann lucht LGBTI tuairisc ar chásanna ina dtarlaíonn idirdhealú toisc go gcreideann siad nach dtiocfaidh aon athrú ar an gcaoi a bhfuil rudaí (41% de na daoine a thug freagra).

Toisc go bhfuil fuathchaint homafóbach agus thrasfhóbach ar an dá chineál fuathchainte is coitianta, is féidir leatsa difear a dhéanamh ach dul in aghaidh a leithéid!

Má rinneadh idirdhealú ortsa, molaimis duit dul i dteagmháil leis an gcomhlacht náisiúnta comhionannais i do thír chónaithe nó le heagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar leasanna an phobail LADTI a bheidh in ann cabhrú leat agus/nó thú a threorú chuig an tseirbhís tacaíochta cheart.