Skip to main content

Roinn do chuid smaointe linn maidir le Bliain Eorpach na hÓige!

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 15/11/2021

Gach bliain, leagann an tAontas Eorpach béim ar shaincheist thábhachtach ar leith. Is fútsa a bheidh 2022.

Tá an ceart agat. Is í 2022 Bliain Eorpach na hÓige! Ach ní mór duitse do chuid smaointe a chur in iúl dúinn chun í a fhíorú. Cad atá uait ón Aontas Eorpach? Cén t-athrú ba cheart don bhliain a chur ar do shaol?
 
Seo í do dheis cuidiú linn an bhliain agus todhchaí na hEorpa a mhúnlú i dteannta a chéile. Roinn do chuid moltaí linn (a oiread agus is mian leat!) tríd an nglao ar smaointe seo. 

Is féidir leat do chuid smaointe a roinnt linn go díreach freisin ach ríomhphost a sheoladh chuig EYY2022@ec.europa.eu

Ná caill an deis seo chun do thuairimí a chur in iúl!

Tá síneadh eisceachtúil 3 lá curtha leis an spriocdháta! Tapaigh an deis le do thuairim a chur in iúl! - SPRIOCDHÁTA NUA: 20 Samhain 2021!