
Comórtas Grianghraf #EUSolidarityCorps ‘An uain aoibhinn agam le linn mo thréimhse sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach’
Glac páirt i gcomórtas grianghraf an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le go mbeidh seans agat fearas poiblíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhuachan. Is í seo príomhcheist an tríú babhta déag dár gcomórtas:
Cérbh é an uain aoibhinn agat agus tú ag obair le páistí le linn do thréimhse sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach?
Conas do ghrianghraf a roinnt
- Tá tú cláraithe ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar Thairseach Eorpach na hÓige
- Chun logáil isteach, cuir isteach do chuid sonraí
- Uaslódáil suas le 5 phictiúr. Tabhair míniú gairid ar gach pictiúr agus ar an bhfáth a seasann sé don uain aoibhinn a bhí agat agus tú ag obair le páistí
- Déan deimhin de go bhfuil cead faighte agat ó gach duine sa ghrianghraf é a úsáid
- Tabhair do d'aire gurb é atá á lorg againn grianghraif a bheadh ina léiriú ar idéil, ar luachanna agus ar fhíorspiorad an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus a bhaineann le gníomhaíochtaí a rinneadh ó bunaíodh an Cór an 7 Nollaig 2016.
Is do dhaoine óga idir 18 agus 31 bhliain d'aois atá an comórtas, agus ní mór dóibh a bheith cláraithe ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus taithí a bheith acu cheana féin ar ghníomhaíocht oibre deonaí.
Beidh suas le cúigear buaiteoirí ann in aghaidh na míosa a gheobhaidh fearas poiblíochta ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus dearbhán dar luach €100. Ina theannta sin, roghnófar aon phictiúr amháin mar bhuaiteoir na míosa. Gheobhaidh an duine a chuireann isteach grianghraf buach na míosa ticéad Interrail lena mbeidh sé in ann taisteal chuig seacht gceann scríbe AE ar feadh míosa ar a mhéad nó dearbhán den luach céanna.
Taispeáin dúinn an méid a d’fhéach tú agus a chonaic tú le linn do ghníomhaíochta leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus cá bhfios nach mbeidh tú féin ar dhuine de na buaiteoirí ámharacha!
An 1 Meán Fómhair 2020 tús an tríú babhta déag de Chomórtas Grianghraf #EUSolidarityCorps!
Léigh na téarmaí agus coinníollacha iomlána