Tionscadail Dlúthpháirtíochta
Cad is Tionscadal Dlúthpháirtíochta ann?
Is é atá i dTionscadal Dlúthpháirtíochta gníomhaíocht is féidir le duine óg a dhéanamh i ngrúpa de chúigear nó níos mó chun cabhrú le hathrú dearfach a chur i bhfeidhm sa phobal áitiúil. Is iad na daoine óga féin a bhunaíonn agus a chuireann chun feidhme é, san áit a gcónaíonn siad.
Smaoinigh faoi na dúshláin atá i do cheantar féin agus na cúiseanna is cás leatsa. Ba cheart don tionscadal a bheith tiomanta do dhúshláin ríthábhachtacha laistigh de do phobal áitiúil, ach is féidir leis cuidiú chun dul i ngleic le fadhbanna réigiúnacha nó náisiúnta fiú. Chomh maith le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin áitiúla, ba cheart do Thionscadal Dlúthpháirtíochta luachanna Eorpacha a léiriú freisin trí thosaíochtaí atá aitheanta ar an leibhéal Eorpach a chur san áireamh, an cuimsiú, cuir i gcás, nó an t-athrú aeráide, an rannpháirtíocht dhaonlathach, an tsaoránacht nó an comhionannas inscne.
D’fhéadfadh sé go mairfeadh an tionscadal idir 2 mhí agus 12 mhí agus is ar bhonn páirtaimseartha a thugtar faoi den chuid is mó. Mar sin de, féadfaidh tú é a dhéanamh in d’am saor.
Cé atá i dteideal páirt a ghlacadh ann?
Aon duine atá idir 18 agus 30 bliain d’aois agus atá ina chónaí in aon tír atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach (gach Ballstát den Aontas, an Íoslainn, an Tuirc agus an Mhacadóin Thuaidh). Ba cheart grúpa a bheith déanta suas de chúigear ar a laghad as aon tír amháin. Níl aon uasmhéid le líon na rannpháirtithe sa ghrúpa.
Cén tacaíocht airgeadais a gheobhaidh mé?
Gheobhaidh tú €500 in aghaidh na míosa chun tacú le do thionscadal, is é sin chun costais a chlúdach a bhaineann le bainistiú agus cur chun feidhme an tionscadail. Clúdóidh muid na costais a bhaineann le cóitseálaí freisin má tá sé de dhíth le haghaidh an tionscadail.
Conas iarratas a dhéanamh
Próiseas simplí is ea iarratas a dhéanamh ar Thionscadail Dlúthpháirtíochta agus déantar é trí fhoirmeacha gréasáin. Déanfaidh Gníomhaíocht Náisiúnta na tíre ina bhfuil cónaí ort d’iarratas a mheas. Féadfaidh tú féin é a dhéanamh nó, más mian leat, d’fhéadfá dul ag obair i gcomhar le heagraíocht a bhfuil taithí aici agus tú ag déanamh iarratas ar mhaoiniú.
San fhoirm iarratais, cuirfear ceisteanna ort maidir leis an bhfáth ar mian leat an tionscadal seo a dhéanamh, an dóigh a rachaidh sé chun sochair don phobal, agus cé na gníomhaíochtaí atá beartaithe agat le linn an smaoineamh a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.
Sula ndéanfaidh tú iarratas:
- Cuir do ghrúpa le chéile: tabhair daoine óga eile ó do phobal le chéile agus bunaigh do ghrúpa ar smaoineamh coiteann nó topaic choiteann.
- Cláraigh gach duine: ba cheart gach ball den ghrúpa a bheith cláraithe ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
- Faigh Aitheantas Eagraíochta (OID): glacann ball amháin den ghrúpa ról cheannaire an ghrúpa agus cláraíonn sé ar an gCóras Clárúcháin Eagraíochta chun Aitheantas Eagraíochta (OID) a fháil. Le clárú, iarrfar ort cuntas EU Login a chruthú. Ná déan dearmad gur féidir leat eagraíocht a aithint atá sásta iarratas a dhéanamh ar do shon (eagraíocht atá cláraithe cheana féin ar an Tairseach Rannpháirtithe agus a bhfuil OID aici, nó ceann a gheobhaidh OID). Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur féidir leat dul ar aghaidh go dtí na chéad chéimeanna eile chomh luath agus atá tú cláraithe agus do OID faighte agat, fiú sula gceadófar an tAitheantas Eagraíochta.
- Déan taighde: Léigh an treoir shonrach – European Solidarity Corps Guide(leathanach 52-27) – agus an t-eolas atá ar shuíomhanna gréasáin do Ghníomhaireachta Náisiúnta. Má bhíonn tuilleadh eolais uait, féadfaidh tú dul i dteagmháil le do Ghníomhaireacht Náisiúnta chun cabhair a iarraidh. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta treoir duit agus cabhróidh sí leat iarratas rathúil a ullmhú! Féach an chóip seo den fhoirm ghréasáin ionas go mbeidh a fhios agat cad a bheidh le déanamh agus í á líonadh isteach agat.
- Cruthaigh do thionscadal: cuir struchtúr le do chuid smaointe – déan do machnamh ar chuspóirí an tionscadail, na daoine a bheidh i do ghrúpa, na torthaí lena bhfuil tú ag dréim, an buiséad a bheidh de dhíth le haghaidh an tionscadail agus na gníomhaíochtaí a dhéanfar, agus líon isteach an fhoirm iarratais.
....agus ar deireadh...
6. Seol isteach d’iarratas:
Déan iarratas ar líne ag úsáid foirm ghréasáin ESC31 do Thionscadail Dlúthpháirtíochta. Is iad an 7 Bealtaine 2020 12:00 (am na Bruiséile) agus an 1 Deireadh Fómhair 2020 12:00 (am na Bruiséile) na chéad spriocdhátaí eile. Ná caill na spriocdhátaí, agus go n-éirí an t-ádh leat!
Paranduskohvik – caifé deisiúcháin san Eastóin
Is é is príomhchuspóir don chaifé deisiúcháin daoine a chur ar an eolas faoin tionchar diúltach atá ag sochaí an tomhaltais ar an gcomhshaol agus iad a spreagadh chun an comhshaol a chothabháil. Déantar é a reáchtáil i spás déantúsaíochta pobalbhunaithe (ceardlann oscailte) ina gcuirtear na huirlisí go léir ar fáil a bheadh de dhíth chun gach cineál fearais a dheisiú. Tugtar cuireadh do dhaoine a gcuid earraí briste a thabhairt isteach leo agus iarracht a dhéanamh iad a chóiriú in éineacht le hoibrithe deonacha.
The Room: Drámaíocht Phobail in Éirinn
Bunaíodh an tionscadal seo mar fhreagairt ar eisiamh sóisialta lucht iarrtha tearmainn sa Droichead Nua i gContae Chill Dara. Is é is aidhm dó clár amharclannaíochta feidhmeach a chruthú agus a chur chun feidhme ina mbeidh lucht iarrtha tearmainn páirteach, agus a bheidh déanta suas de cheardlanna drámaíochta. Cuirfear imeacht amharclannaíochta i láthair ag an deireadh don phobal áitiúil.
Páirc scátála sa Bheilg
Is é smaoineamh an tionscadail seo infreastruchtúr scátála agus BMX a chruthú sa chomharsanacht áitiúil. Ní hamháin go mbeidh sé ar fáil do chách chun gníomhaíochtaí spóirt a chleachtadh, beidh sé ina áit freisin chun bualadh le daoine óga eile ar spéis leo na rudaí céanna
Brīvbode sa Laitvia
Tá an tionscadal seo á reáchtáil mar ghníomh leantach ar Brīvbode (‘siopa saor in aisce’ i nGaeilge), tionscnamh a sheol oibrithe deonacha. Tugtar cuireadh do dhaoine páirt a ghlacadh san imeacht uair sa tseachtain agus nithe nach bhfuil de dhíth orthu a thabhairt leo, agus an méid atá de dhíth orthu a aimsiú, éadaí, leabhair agus earraí tí, mar shampla.
Cuireadh a thabhairt do níos mó daoine obair dheonach a dhéanamh i dtearmainn ainmhithe sa Liotuáin
Is é is aidhm don tionscadal seo obair dheonach i dtearmainn ainmhithe a chur chun cinn agus cabhrú chun trí thearmann ainmhithe a uasghrádú in Klaipeda, Tá sé ag féachaint freisin le cur ar chumas na mac léinn eachtrannach sa cheantar páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí deonacha lasmuigh den scoil.
An fheirmeoireacht orgánach sa Pholainn
Tá sé d’aidhm ag an tionscadal “Sferyczny ogród badawczy” drochnósanna itheacháin daoine óga a athrú agus iad a spreagadh chun a dtograí feirmeoireachta orgánaí féin a bhunú. Mar chuid den tionscadal, cruthófar plandáil nuálach de bharra saothraithe faoi theach gloine sféarúil a bheidh ar fáil ag daoine óga na háite chun páirt a ghlacadh sna próisis saothraithe go léir agus ansin an fómhar féin a bhaint.
Cósta na hIodáile a athshlánú
Is príomhchuspóir an tionscadail “Mare d’Inverno” limistéar nádúrtha cósta a athshlánú in aice leis na hionaid uirbeacha Trani agus Barletta. Tá sé beartaithe feasacht a mhúscailt agus a fheabhsú ar chosaint an chomhshaoil. Mar chuid de sin clúdaítear cosáin a chur ar fáil do rothaithe agus do choisithe, na tránna a ghlanadh agus speicis dhúchasacha na gcrann a athphlandú.