Tréimhsí oiliúna agus poist
Is deiseanna iad seo le dul i mbun oibre nó le hoiliúint a fháil agus chun cuidiú le pobail atá i ngátar agus, san am céanna, dul i ngleic le dúshláin shóisialta. Agus tú ina mbun, beidh tú in ann do scileanna a fhorbairt agus taithí oibre a fháil.
/!\ Níl sna gníomhaíochtaí seo ach líon beag de na gníomhaíochtaí go léir de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, mar sin seans nach mbeidh tú ann roinnt mhaith de na tairiscintí atá foilsithe a fheiceáil.
Tréimhsí oiliúna
- Maireann siad ar feadh 2-6 mhí, agus is féidir athnuachan suas le sé mhí eile a dhéanamh orthu aon uair amháin
- Is tréimhsí lán-aimseartha iad agus is í an eagraíocht a chuireann an tréimhse oiliúna ar fáil a íocann tú
- Is féidir leo a bheith i dtír eile nó i do thír féin (cé gur féidir leanúint de thréimhsí oiliúna a reáchtáil i mbliana, iad maoinithe ó bhuiséad an chláir a bhí ann roimhe seo, tabhair do d’aire go bhfuil deireadh leo mar chuid de chlár nua 2021-2027)
/!\ cé gur féidir leanúint de thréimhsí oiliúna a reáchtáil i mbliana, iad maoinithe ó bhuiséad an chláir a bhí ann roimhe seo, tabhair do d’aire go bhfuil deireadh leo mar chuid de chlár nua 2021-2027
Cad atá clúdaithe?
- Beidh tú clúdaithe le hárachas saor in aisce
- Beidh rochtain agat ar raon seirbhísí tacaíochta ar nós tacaíocht teanga agus oiliúna
- Íocfar costais taistil chuig áit na tréimhse oiliúna agus ar ais
- Gheobhaidh tú liúntas beag chun cuidiú leat athlonnú agus socrú isteach
- Gheobhaidh tú pá ón eagraíocht a chuireann an tréimhse oiliúna ar fáil
- Má tá riachtanais shonracha agat (mar shampla, míchumas), d’fhéadfaí na costais sin a chlúdach freisin
/!\ D'fhéadfadh sé go mbeadh an clúdach sin éagsúil ó thír go tír – féach na ceisteanna coitianta le haghaidh tuilleadh eolais.
Poist
- Maireann na poist 3 mhí ar a laghad
- Níl tréimhse uasta ann – ach ní chuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil don eagraíocht ach ar feadh 12 mhí
- Is tréimhsí lán-aimseartha iad agus faigheann tú íocaíocht ón eagraíocht a fhostaíonn tú
- Baineann gné foghlama agus oiliúna leo
- Bunaítear iad ar chonradh fostaíochta i scríbhinn a chloíonn go hiomlán leis an dlí náisiúnta
- Is féidir post a fháil i dtír éigin eile nó sa bhaile
/!\ cé gur féidir leanúint de phoist a dhéanamh i mbliana, iad maoinithe ó bhuiséad an chláir a bhí ann roimhe seo, tabhair do d’aire go bhfuil deireadh leo mar chuid de chlár nua 2021-2027
Cé atá i dteideal páirt a ghlacadh ann?
Daoine idir 18-30 bliain atá i gcónaí i mBallstát nó sa Ríocht Aontaithe*.
Cad atá clúdaithe?
- Beidh tú clúdaithe le hárachas saor in aisce
- Beidh rochtain agat ar raon seirbhísí tacaíochta ar nós tacaíocht teanga agus oiliúna
- Íocfar costais taistil chuig áit na fostaíochta agus ar ais
- Gheobhaidh tú liúntas beag chun cuidiú leat athlonnú agus socrú isteach
- Gheobhaidh tú pá ón eagraíocht a fhostaíonn tú
- Má tá riachtanais shonracha agat (mar shampla, míchumas), d’fhéadfaí na costais sin a chlúdach freisin
/!\ Is féidir leat leideanna ginearálta a fháil maidir le do chearta agus na hoibleagáidí atá ort agus tú ag obair i mBallstáit éagsúla ag An Eoraip Agatsa.
Conas clárú
Chun tús a chur le clárú:
- cláraigh anois nó
- cliceáil ar Cláraigh sa roghchlár.
An chéad uair a chláraíonn tú, iarrfar ort cuntas a chruthú (EU Login, seirbhís fíordheimhniúcháin úsáideora an Choimisiúin Eorpaigh) sula gcruthaíonn tú do phróifíl.
Nuair a bheidh do phróifíl cruthaithe, beidh rochtain agat ar do dheais phearsanta, ónar féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheiseanna fógartha, rochtain a fháil ar an oiliúint ghinearálta ar líne, páirt a ghlacadh i gcomórtais, breathnú ar do theastais agus go leor eile.
/!\ Ní hionann clárú don Chór agus deimhniú go nglacfaidh tú páirt i ngníomhaíocht.