Skip to main content
© Bernard Hermant - Unsplash © Bernard Hermant - Unsplash

Conas a laghdóidh mé mo lorg carbóin?

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 19/03/2024

Ithe, taisteal, do bhaile á théamh… Cad é lorg carbóin na ngníomhaíochtaí sin agus cén chaoi ar féidir linn roghanna níos neamhdhíobhálaí don aeráid a dhéanamh?

Nuair a thiomáineann tú do charr, nuair a cheannaíonn tú péire bróg nó nuair a ghriollann tú stéig, cuireann tú le hastaíocht dé-ocsaíde carbóin agus le gáis ceaptha teasa eile isteach san atmaisféar. Sin é do lorg carbóin. Tá go leor tíortha, institiúidí agus gnólachtaí tiomanta a n-astaíochtaí a laghdú agus tá cuspóir socraithe ag an Aontas Eorpach fiú go mbeadh an Eoraip “neodrach ó thaobh na haeráide de” faoi 2050. Mar dhuine aonair, is féidir leat meastachán a dhéanamh ar do lorg carbóin agus é a laghdú. Faigh amach conas sin a dhéanamh.

Cad is lorg carbóin ann?

Astaítear gáis ceaptha teasa trí earraí agus seirbhísí a tháirgeadh agus a úsáid. Coincheap is ea lorg carbóin a úsáidtear chun tionchar gníomhaíochta, duine nó tíre ar an athrú aeráide a chainníochtú. 

Cá mhéad carbóin a astaíodh chun do t-léine, do bhéile nó do ghuthán a tháirgeadh? Braithfidh an méid ar roghanna táirgthe agus úsáide. Má ghlacaimid iompar mar shampla, astaíonn eitleán 285 g de charbón in aghaidh an chiliméadair, i gcomparáid le 104 g i gcás cairr agus 14 g i gcás traenach. Is amhlaidh an cás leis an bhfeoil nó iasc a itheann tú nó an cineál brístí géine a cheannaíonn tú. 

[[{"fid":"473318","view_mode":"default","fields”:{“format”:”default”,”field_video_description[und][0][value]”:”Míníonn Simpleshow an lorg carbóin"},"type":"media","field_deltas":{"1":{"format":"default","field_video_description[und][0][value]":"Míníonn Simpleshow an lorg carbóin"}},"attributes":{"class":"media-element file-default","data-delta":"1"}}]]

Cén fáth ar cheart duit aird a thabhairt air seo?

Úsáideann na seacht mbilliún duine ar domhan méideanna éagsúla d’acmhainní an phláinéid. De réir réamh-mheastacháin na Náisiún Aontaithe, d’fhéadfadh daonra an domhain a bheith chomh hard le 9.7 billiún duine faoi 2050, agus os cionn 11 bhilliún faoi 2100. Méadaíonn daonraí atá ag fás astaíochtaí agus ídíonn siad acmhainní an phláinéid. 

Bíonn tionchar díreach ag astaíochtaí gás ceaptha teasa ar théamh domhanda. Cuireann siad luas faoin athrú aeráide agus bíonn tionchair thubaisteacha acu ar ár bpláinéad. Is féidir linn ar fad cur leis an troid in aghaidh an téimh dhomhanda trí roghanna atá neamhdhíobhálach don aeráid a dhéanamh go laethúil. 

Cén chaoi ar féidir teorainn a chur le do lorg carbóin?

Má thuigeann tú do lorg carbóin is féidir leat teorainn a chur le tionchar do chuid ídithe ar an gcomhshaol. Tá réitigh éagsúla ar líne le cabhrú leat do lorg carbóin a mheas.

Is féidir le hathruithe beaga difríocht mhór a dhéanamh san fhadtéarma, mar shampla, mar a bhaineann sé le hiompar, bia, éadaí, dramhaíl, etc. Seo roinnt leideanna duit:

Bia

  • Ith táirgí áitiúla agus séasúracha (déan dearmad ar shútha talún sa gheimhreadh) 
  • Cuir teorainn leis an bhfeoil a itheann tú, mairteoil go háirithe 
  • Roghnaigh iasc ó iascaireacht inbhuanaithe 
  • Tabhair málaí siopadóireachta ath-inúsáidte leat agus seachain táirgí a bhfuil an iomarca pacáistíocht phlaisteach orthu 
  • Bí cinnte nach gceannaíonn tú ach an méid atá uait, chun dramhaíl a sheachaint

Éadaí

  • Tabhair aire mhaith do do chuid éadaí
  • Bain triail as éadaí a bhabhtáil, a fháil ar iasacht nó ar cíos, nó a cheannach ar athlámh
  • Ceannaigh éadaí a dhéantar go freagrach, e.g. éadaí a dhéantar as ábhar athchúrsáilte nó le lipéid éiceolaíochta

Iompar

  • Bí ag rothaíocht nó úsáid iompar poiblí
  • Bí cliste faoin uair agus faoin gcaoi a dtiomáineann tú 
  • Bain triail as an traein i gcomhair do chéad saoire eile

Fuinneamh agus dramhaíl

  • Ísligh an téamh 1°, déanfaidh an méid sin difríocht mhór
  • Tóg cithfholcthaí gearra 
  • Cas as an t-uisce fad a bhíonn do chuid fiacla nó na soithí á ní agat
  • Díphlugáil trealamh leictreonach agus ná fág do ghuthán ag luchtú nuair a bhíonn do cheallra lán cheana féin
  • Ná stóráil sonraí nach dteastaíonn uait ar an néal (foghlaim tuilleadh faoi do lorg digiteach!)
  • Roghnaigh táirgí atá fuinneamhéifeachtúil le lipéad “A” (Lipéad Fuinnimh AE)
  • Teorannaigh agus athchúrsáil do chuid dramhaíola