Skip to main content
© European External Action Service © European External Action Service

Toscairí Óige na Náisiún Aontaithe sa Bhruiséil

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 29/09/2020

Is fíor-idirbheartaithe iad Toscairí Óige na Náisiún Aontaithe a dhéanann ionadaíocht dá dtíortha féin sna Náisiúin Aontaithe. Bíodh na daoine óga díograiseacha ach pragmatacha sin ina spreagadh agat, ar daoine óga iad a chreideann gur féidir leo athruithe chun feabhais a mhúnlú san am i láthair agus san am atá le teacht.

Seoladh clár Toscaireachta na Náisiún Aontaithe don Óige in 2015 chun éisteacht a thabhairt do dhaoine óga sa phróiseas cinnteoireachta laistigh den eagraíocht dhomhanda sin. Bíonn ionchur ag na Toscairí Óige maidir le seasamh oifigiúil a dtíortha féin, rud a thugann éisteacht do dhaoine óga sa chaibidlíocht idirnáisiúnta. Glacann siad páirt freisin i gcruinnithe foirmiúla de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe agus in áiteanna eile a ndéantar cinntí domhanda.

Tugtar róil oifigiúla do na toscairí óige mar bhaill de thoscaireacht a dtíortha féin agus is faoi na tíortha aonair atá sé a n-ionadaithe óga a roghnú.

Den chéad uair, thug an tSeirbhís Eorpach Gníomhaireachta Seachtraí cuireadh do Thoscairí Óige na Náisiún Aontaithe ó na Ballstáit cuairt a thabhairt ar institiúidí an Aontais sa Bhruiséil. Bhí lá an-ghnóthach acu! Bhí deis ag na Toscairí Óige focal a bheith acu sa phróiseas ceaptha beartas i gComhairle an Aontais. Ina dhiaidh sin, bhuail siad lena gcomhghleacaithe sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaireachta Seachtraí agus sa Choimisiún Eorpach le haghaidh cainteanna neamhfhoirmiúla. Ar deireadh, roinn siad a dtuairimí le chéile i bParlaimint na hEorpa.

Bhí an t-ádh linn bualadh leo chun ceist a chur orthu faoin méid a bhí mar spreagadh acu.

Cé gur mian leis na fir agus na mná óga seo difear a dhéanamh, tuigeann siad freisin an próiseas a bhaineann le fadhbanna domhanda a réiteach, próiseas a bhfuil comhréitigh mar chuid de agus a d'fhéadfadh a bheith fadálach. D'ainneoin sin, tá suim acu fós sa chomhar idirnáisiúnta. 

Is féidir le toscairí óige tionchar mór a bheith acu sna Náisiúin Aontaithe agus is féidir leo cuidiú chun dul chun cinn a bhaint amach le hathrú chun feabhais a dhéanamh ar an domhan. Sa bhreis air sin, cruthaíonn Toscairí Óige na Náisiún Aontaithe nasc le daoine óga ina dtíortha féin. 

“Bíonn an deis agat fíorthionscadail choincréiteacha a bhrú ar aghaidh maidir le saincheisteanna, cuir i gcás an bhochtaineacht, an cuimsiú agus an t-idirdhealú,” a mhínigh toscaire na Beilge, Flore De Pauw. Is éard a chuir sí i dtábhacht freisin an chaoi a bhfuil fíorchreidiúint aici ar an leibhéal áitiúil a bhuí lena ról mar Thoscaire Óige na Náisiún Aontaithe. 

“Anuraidh, ghlacamar páirt sa chaibidlíocht maidir leis an Rún Óige nua ó na Náisiúin Aontaithe,” a dúirt Minko Dasklalov, toscaire na Bulgáire. “D'éirigh thar barr leis. Shuíomar síos ag bord na caibidlíochta. Níor fágadh taobh thiar dár n-ambasadóirí sinn.”

An bhfuil spéis agat i gclár Toscaireachta na Náisiún Aontaithe don Óige? Déan teagmháil leis an gComhairle Náisiúnta don Óige nó leis an Aireacht Gnóthaí Eachtracha i do thír féin. Agus féach ar an rannán maidir le clár Toscaireachta na Náisiún Aontaithe don Óige ar shuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe.