Skip to main content
©Ben Houdijk

Éist le fuaim an lae inniu agus an lae amárach!

An nuashonrú is déanaí an An Domhnach, 01/05/2022

Éist le ceoltóirí comhaimseartha na hEorpa ó na Gradaim ‘Bain Ceol as an Eoraip’.

An tseachtain seo foilsíodh an seinmliosta ar a bhfuil ainmnithigh agus buaiteoirí uile Ghradaim ‘Bain Ceol as an Eoraip’ ó na 4 eagrán a tháinig roimhe (2019-2022).

Is iad na Gradaim ‘Bain Ceol as an Eoraip’ an duais bhliantúil do phopcheol agus do cheol comhaimseartha a chómhaoiníonn an tAontas Eorpach agus a dhéanann ceiliúradh ar cheoltóirí atá ag teacht chun cinn agus a dhéanann ionadaíocht d’fhuaim Eorpach an lae inniu agus an lae amárach. Ar bhuaiteoirí na nGradam ‘Bain Ceol as an Eoraip’ roimhe tá Rosalía, Meduza, Bishop Briggs, Aya Nakamura, girl in red, Pale Waves, agus na hamhránaithe Úcránacha Alyona Alyona agus Alina Pash chomh maith.