©EACEA website
Lá Eolais Comhpháirteach 2022 – Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 01/02/2022
Tá áthas ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) cuireadh a thabhairt duit chuig seisiún eolais ar líne faoi ghlaonna 2022 ar na tograí ‘Tionscadail Fothaithe Acmhainneachta don Óige’, ‘Tionscadail Óige na hEorpa le Chéile’ agus ‘Foirne Oibrithe Deonacha i Réimsí Ardtosaíochta’ Déardaoin, an 10 Feabhra 2022 ó 10:00 go 17:30 (am na Bruiséile).
Is é is aidhm don imeacht comhpháirteach seo eolas a chur ar fáil d’eagraíochtaí atá dírithe ar dhaoine óga agus/nó ar obair dheonach agus ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú le haghaidh na ngníomhaíochtaí seo a leanas:
- Tionscadail Fothaithe Acmhainneachta don Óige: is tionscadail comhair idirnáisiúnta iad atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí iltaobhacha idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige.
- Tionscadail Óige na hEorpa le Chéile: is é is aidhm dóibh comhpháirtíochtaí a chruthú thar theorainneacha idir tíortha atá páirteach i gclár Erasmus+, ar comhpháirtíochtaí iad a bheidh le reáchtáil i ndlúthchomhar le daoine óga.
- Foirne Oibrithe Deonacha: is gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta iad lena gcuirtear ar a gcumas do ghrúpaí ina bhfuil cúigear rannpháirtithe ar a laghad obair dheonach a dhéanamh le chéile ar feadh tréimhse idir 2 sheachtain agus 2 mhí. Is iad na príomhthosaíochtaí atá ag glao 2022 stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn agus an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú.
Le linn an tseisiúin, tabharfaimid léargas ar an gcomhthéacs beartais a bhaineann leis na trí ghníomhaíocht, míneoimid na glaonna, agus tabharfaimid treoir maidir leis an bpróiseas iarratais. Foilsíodh na glaonna cheana féin ar an Tairseach Mhaoiniúcháin agus Tairiscintí. Tá tuilleadh eolais faoi na gníomhaíochtaí ar fáil i dTreoirleabhar 2022 Erasmus+ agus i dTreoirleabhar 2022 an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
Beidh an Lá Eolais ar siúl ar líne agus déanfar é a thaifeadadh. Tá an nasc chuig an imeacht agus an clár oibre le fáil anseo. Tá an seisiún ar oscailt ach molaimid duit clárú le haghaidh na gcur i láthair ar leith atá beartaithe san iarnóin chun bheith ar an eolas faoi na glaonna.
Tá súil againn go bhfeicfimid ansin thú!