Skip to main content
Two girls holding the European flag for the European Year of Youth 2022 © European Commission, 2021

Seoladh leathanach Bhliain Eorpach na hÓige!

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 12/01/2022

Beannachtaí na Bliana Úire duit agus go mbaine tú sult as Bliain Eorpach na hÓige 2022! An rannán tiomnaithe le haghaidh Bhliain Eorpach na hÓige ar Thairseach Eorpach na hÓige, tá sé sin ar fáil anois faoi dheireadh. Téigh chuig an leathanach agus féach leat an méid atá le teacht le linn na Bliana!

Is iomaí deis a chuirtear ar fáil ar leathanach Bhliain Eorpach na hÓige chun bheith ag foghlaim, chun nithe a chomhroinnt, chun léargas a fháil ar fhíseanna daoine eile agus chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar fud na hEorpa!

Chomh maith le heolas a fháil faoi thionscnamh Bhliain Eorpach na hÓige 2022 agus ar an dóigh a bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach urraim agus tacaíocht a thabhairt d’óige na hEorpa, féadfaidh tú féachaint trí na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le Bliain Eorpach na hÓige ar fud na hEorpa ar léarscáil idirghníomhach na ngníomhaíochtaí.

Sa rannán ‘Nuacht’, gheobhaidh tú an t-eolas is déanaí faoi óige na hEorpa, agus sa rannán Guthanna na nEorpach Óg’ feicfidh tú an méid atá le rá ag iriseoirí óga Eorpacha, sin agus inspioráid a fháil ó dhaoine óga ar fud na hEorpa, a dtuairimí a léamh agus eolas a fháil faoin dóchas atá acu don todhchaí.

rannán um Beartas óige ar an mbealach freisin, áit a mbeidh tú in ann teacht ar na beartais Eorpacha ar fad a bhaineann leis an óige, idir bheartais atá ann cheana agus bheartais nua, chun léargas níos fearr a fháil ar an méid a dhéanann an Eoraip duit féin.

Le himeacht na bliana cuirfear le gníomhaíochtaí Bhliain Eorpach na hÓige agus le hábhar na leathanach. Mar sin, ná bíodh drogall ort teacht ar ais chun an t-eolas is déanaí a fháil!