Labhair an óige amach! Faigh amach faoin méid a theastaíonn uathu
An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 12/01/2022
Tá Bliain Eorpach na hÓige buailte linn faoi dheireadh, agus labhair daoine óga amach – Cad a theastaíonn uathu in 2022?
Is iad na daoine óga atá i lár an aonaigh le linn Bhliain Eorpach na hÓige. Sheol an Coimisiún Eorpach suirbhé ar líne i mí Dheireadh Fómhair 2021 chun go bhféadfadh daoine óga a gcuid smaointe a chomhroinnt agus cuidiú chun an Bhliain a mhúnlú. Tá an suirbhé dúnta anois ach tá na torthaí ar fáil ar líne.
Ar mhaith leat spléachadh a fháil ar an méid a tháinig chun solais?
- Ba mhaith leis na freagróirí go reáchtálfaí féilte, ceardlanna, díospóireachtaí, agus seisiúin oiliúna mar ghníomhaíochtaí.
- Ba mhaith le 58.8% de na daoine óga cur go gníomhach le Bliain Eorpach na hÓige, ach níl a fhios ag 62.9% díobh cén dóigh lena dtuairimí a chur in iúl, sin nó níl siad cinnte conas é a dhéanamh.
- B’fhearr leis an gcuid is mó de na freagróirí go reáchtálfaí na gníomhaíochtaí i bhformáidí aghaidh ar aghaidh agus ar líne araon (56.19%).
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil? Féach an tuarascáil iomlán agus léigh faoi mholtaí na ndaoine óga chomh maith leis na hábhair imní atá acu.