Skip to main content
© European Union © European Union

Re-open EU: ardán gréasáin chun an turasóireacht san Eoraip a athsheoladh

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 30/09/2020

Chun go mbeifí in ann laethanta saoire a phleanáil go sábháilte san Eoraip, sheol an Coimisiún Eorpach “Re-open EU”, ardán ar líne a chuireann eolas nuashonraithe ar fáil ó na Ballstáit.

Ar cheart dom masc aghaidhe a chaitheamh? An bhfuil na teorainneacha ar oscailt? An féidir liom dul ar eitleán chun mo cheann scríbe a bhaint amach?

Tá na ceisteanna seo ag teacht aníos go laethúil faoi láthair agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair teacht ar eolas iontaofa ó tharla go bhfuil éagsúlacht sna rialacha a glacadh sna Ballstáit.

Más amhlaidh atá duitse, d'fhéadfadh an uirlis iontach le haghaidh turasóirí, “Re-open EU”, a bheith áisiúil duit. Seoladh an t-ardán gréasáin le déanaí agus ar an ardán sin, cuirtear eolas ar fáil maidir le teorainneacha, modhanna iompair, srianta taistil agus bearta sláinte agus slándála poiblí, cuir i gcás scaradh sóisialta nó masc aghaidhe a chaitheamh.

A bhuí leis an léarscáil idirghníomhach, is féidir le taistealaithe a gceann scríbe a roghnú go héasca chun teacht ar an eolas is déanaí maidir le bearta náisiúnta. 
Déantar nuashonrú ar an ábhar go minic agus tá sé ar fáil i 24 theanga. 

Téigh go dtí suíomh gréasáin “Re-open EU” agus bí réidh chun do chéad turas Eorpach eile a chur in áirithe.