Skip to main content
© Nick Morrison - Unsplash © Nick Morrison - Unsplash

An bhfuil a fhios agat go gcuireann an tAontas Eorpach go leor acmhainní ríomhfhoghlama ar fáil duit saor in aisce?

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 21/09/2021

Anois an t-am is fearr chun triail a bhaint as an gcianfhoghlaim. Anseo tá réimse acmhainní agus uirlisí ar líne a chuireann an t-oideachas agus an oiliúint dhigiteach chun cinn agus ar acmhainní agus uirlisí iad a mbainfidh foghlaimeoirí, múinteoirí agus oideoirí ar fud na hEorpa leas astu.

Chun cabhrú libh ar fad le linn na tréimhse dúshlánaí seo, tá neart ábhair ríomhfhoghlama curtha ar fáil ar líne ag an gCoimisiún Eorpach. 
 

An ríomhfhoghlaim: áiseanna

An scolaíocht

Do dhaltaí:

  • Penji protects the planet: Foghlaim faoin ngníomhaíocht foghlama seo atá bunaithe ar chluichí agus a theagascann do dhaltaí bunscoile agus meánscoile an tábhacht a bhaineann le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil.
     
  • Cúinne na foghlama: Faigh rochtain ar ábhair theagaisc, cluichí ar líne ina measc, is féidir a úsáid chun cuidiú le daltaí ó gach aoisghrúpa eolas a chur ar an Aontas Eorpach. 
     
  • Moby Click: Féach ar na hábhair ríomhfhoghlama seo a thacaíonn le forbairt na foghlama atá breisithe ag an teicneolaíocht.
     
  • Ár bpláinéad, Ár dtodhchaí:Tá an t-athrú aeráide ar na dúshláin is tromchúisí atá roimh an domhan inniu. Is ardán soláimhsithe é seo a chabhraíonn le daoine óga eolas breise a fháil ar an ábhar.


Do mhúinteoirí:

  • An Tairseach ‘School Education Gateway’: Faigh amach faoin gcatalóg ar líne d’ábhair theagaisc agus de dheiseanna oiliúna le haghaidh múinteoirí, catalóg atá ar fáil i 23 theanga Eorpacha.
     
  • eTwinning: Faigh rochtain ar ardán comhoibritheach Eorpach atá ar fáil i 30 teanga agus ar ar féidir le múinteoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile, acmhainní a mhalartú agus tionscadail a chruthú le chéile.
     
  • An Bosca Uirlisí Fíorúil le haghaidh Múinteoirí: Faigh rochtain ar acmhainní teagaisc atá bunaithe ar theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide arb é is aidhm dóibh cuidiú le múinteoirí oideachas atá oscailte solúbtha agus feabhsaithe ó thaobh na teicneolaíochta de a chur ar fáil ar líne.

     

An t-ardoideachas

  • EIT – teagasc ar líne: Faigh rochtain ar acmhainní a thacaíonn le gairmithe ardoideachais teagasc agus foghlaim ardchaighdeáin a sholáthar ar líne, arna gcur ar fáil ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT).

 

Ábhair do dhaoine óga

  • Malartú Fíorúil Erasmus+: Foghlaim faoi na deiseanna nuálacha ar líne atá ann do dhaoine óga as gach cearn den Eoraip agus den Mheánmhuir Theas i dtaca leis an malartú fíorúil. 
     
  • SALTO-YOUTH: Faigh amach faoin gcatalóg ar líne seo d’uirlisí oiliúna a chuireann an obair óige chun cinn agus a thacaíonn léi.
     

Oideachas aosach

  • An Fóram Leictreonach don Oideachas Aosach san Eoraip (EPALE): Faigh amach faoi phobal ilteangach oscailte ar líne a nascann gairmithe i réimse na foghlama aosaí ar fud na hEorpa le go gcuirfear le caighdeán agus éagsúlacht na ndeiseanna foghlama aosaí.
     
  • Code n’ social: Féach ar an ardán foghlama idirghníomhach seo lenar féidir teacht ar fhoghlaim TFC ar ardchaighdeán, scileanna ríomhchlárúcháin agus bunscileanna teicneolaíochta san áireamh, le haghaidh daoine atá i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta (AROPE).

 

Déan do dhícheall le linn na tréimhse seo sa bhaile agus seans go bhfoghlaimeoidh tú rud éigin nua!