Skip to main content
© European Union, photo by Juliane Liebermann on Unsplash © European Union, photo by Juliane Liebermann on Unsplash

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa: cad atá i gceist léi?

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 17/11/2023

Tógann an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa saoránaigh le chéile chun plé a dhéanamh ar na dúshláin agus na tosaíochtaí a bheidh ag an Eoraip amach anseo.

Tá seans maith ann gur chuala tú nó gur léigh tú le tamall anuas go raibh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ag dul ar aghaidh, ach an bhfuil a fhios agat go díreach cad atá i gceist léi agus conas is féidir leat páirt a ghlacadh inti?

Is éard atá i gceist leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (CoFoE) sraith díospóireachtaí agus plé atá faoi stiúir na saoránach, agus a chuirfidh ar chumas daoine as gach cearn den Eoraip a gcuid smaointe a roinnt agus cabhrú linn ár dtodhchaí choiteann a mhúnlú.

Cuirtear fáilte roimh phlé a dhéanamh ar aon ní is cúis imní do dhaoine, agus sin a dhéanamh ar bhealach measúil neamhshrianta atá i gcomhréir le luachanna an Aontais. I measc na n-ábhar atá le plé tá an t-athrú aeráide agus an comhshaol, an tsláinte, gnóthaí eachtracha an Aontais, an claochlú digiteach, an imirce, an t-oideachas, an cultúr... ach is iomaí ábhar eile is féidir leat a chur faoinár mbráid má mheasann tú go mbaineann tábhacht leo duit agus do thodhchaí na hEorpa!

Is í seo an chéad Chomhdháil dá leithéid: mar mhórchleachtadh daonlathach uile-Eorpach, cuireann sí fóram poiblí nua ar fáil chun díospóireacht oscailte chuimsitheach thrédhearcach a dhéanamh leis na saoránaigh maidir le roinnt príomhthosaíochtaí agus dúshlán.

Tá institiúidí an Aontais ag obair as lámh a chéile freisin agus, chun luach na haontachta sin eatarthu a chur os comhair an tsaoil, is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a dhéanfaidh comhuachtaránacht ar an gComhdháil. 

Seoladh an Chomhdháil Lá na hEorpa, an 9 Bealtaine 2021, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí earrach 2022, nuair a mheasfar go dtiocfaidh an Chomhdháil ar chonclúidí agus go dtabharfar treoir maidir le todhchaí na hEorpa.

Conas a reáchtálfar í?

Beidh na gnéithe seo a leanas mar chnámh droma na bpléití: 

  • Ardán digiteach ilteangach – is tríd an ardán seo a bheidh saoránaigh in ann tuairimí a chomhroinnt agus aighneachtaí a chur isteach ar líne, ansin baileofar iad, déanfar anailís orthu agus foilseofar iad le linn na Comhdhála chun na pléití a spreagadh;
  • Imeachtaí díláraithe – imeachtaí ar líne, imeachtaí ar an láthair agus imeachtaí hibrideacha a reáchtálann daoine agus eagraíochtaí chomh maith le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ar fud na hEorpa;
  • Painéil na saoránach Eorpach – déanfar ábhair éagsúla a phlé agus na moltaí uathu a chur ar aghaidh; beidh siad ionadaíoch ó thaobh tionscnamh geografach, inscne, aoise, cúlra socheacnamaíoch agus/nó leibhéal oideachais de;
  • Cruinnithe iomlánacha na Comhdhála – cinnteofar go ndéanfar plé ar na moltaí ó phainéil saoránach náisiúnta agus Eorpach, a rangófar de réir téama, gan toradh réamhchinntithe a bheith ann agus gan an raon feidhme a theorannú do réimsí beartais réamhshainithe.

Dá bhrí sin, is tríd an ardán digiteach ilteangach a bheidh tú in ann do thuairimí a chur in iúl agus páirt a ghlacadh san idirphlé poiblí lena múnlófar an Chomhdháil.

Cé atá i dteideal páirt a ghlacadh sa Chomhdháil?

Moltar do gach duine páirt a ghlacadh inti, go háirithe Eorpaigh óga, ionas gur féidir linn dul chun cinn mór a dhéanamh.
Údaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí eile ar mian leo imeachtaí a eagrú agus smaointe a roinnt, cuirtear fáilte rompu páirt ghníomhach a ghlacadh inti i gcomhpháirt leis na saoránaigh.

Cad iad na chéad chéimeanna eile?

Tá gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Eorpach éisteacht le muintir na hEorpa agus oibriú, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí, ar na moltaí a dhéantar.

Sa bhreis air sin, cinnteofar le sásra aiseolais go dtiocfaidh moltaí nithiúla le haghaidh gníomhaíocht ón Aontas as na tuairimí a chuirfear in iúl le linn na Comhdhála.

Bain an úsáid is fearr as an ardán digiteach ilteangach chun a chinntiú go nglacann tú páirt sa díospóireacht agus go gcuireann tú an méid is ábhar imní duit in iúl ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.