Skip to main content
© European Youth Forum © European Youth Forum

Cad atá ar eolas agatsa faoi Fhóram Eorpach na nÓg?

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 21/10/2020

Is é Fóram Eorpach na nÓg ardán na n-eagraíochtaí don óige san Eoraip. Tá comhairlí náisiúnta don óige agus eagraíochtaí idirnáisiúnta neamhrialtasacha don óige ina mbaill den Fhóram. I dteannta a chéile, is guth na hóige san Eoraip iad.

Is é fís Fhóram Eorpach na nÓg guth a thabhairt do dhaoine óga san Eoraip, áit ar saoránaigh iad na daoine óga atá ar comhchéim agus a fhaigheann spreagadh agus tacaíocht chun a lánchumas a bhaint amach mar shaoránaigh dhomhanda.

Chun an ceann is fearr a fháil ar na dúshláin a bhíonn os comhair daoine óga, tá sé d'aidhm ag Fóram Eorpach na nÓg:

  • daoine óga a chumhachtú agus a spreagadh le bheith rannpháirteach go gníomhach i múnlú na sochaí, agus in Eoraip níos comhtháite thar aon ní eile;
  • cearta daoine óga agus deiseanna a chur chun cinn;
  • dálaí maireachtála a fheabhsú don óige; 
  • guth a thabhairt do dhaoine óga san Eoraip.

Cén chaoi a ndéanann siad é sin?

Feidhmíonn Fóram Eorpach na nÓg mar eagraíocht tacaíochta, reáchtálann sé feachtais shuntasacha agus bíonn sé i dteagmháil rialta le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile chun guth a thabhairt do dhaoine óga. Is cuid de ghrúpa stiúrtha Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh é an Fóram arb é is aidhm dó idirphlé a chruthú idir daoine óga agus lucht déanta cinntí an Aontais Eorpaigh.

Áirítear i measc a gcuid gníomhaíochtaí: 

  • áitíonn siad ar bhreis daoine óga agus eagraíochtaí don óige a bheith páirteach i dtionscadail shóisialta, agus go háirithe i bpróisis chinnteoireachta;
  • imríonn siad tionchar ar bheartais a dhéanann difear do dhaoine óga, trí bheith ina gcomhpháirtí aitheanta d'institiúidí idirnáisiúnta ar nós institiúidí an Aontais Eorpaigh, Chomhairle na hEorpa agus na Náisiún Aontaithe;
  • spreagann siad lucht déanta beartas chun saincheisteanna a bhaineann leis an óige a chur san áireamh i ngach réimse beartais;
  • cruthaíonn siad eagraíochtaí inmharthana don óige atá neamhspleách i ndáiríre, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta, go háirithe trí bhrú a chur le dóthain cistithe a fháil;
  • áitíonn siad ar dhaoine óga ó chúlraí agus ó thíortha difriúla éisteacht le smaointe agus le taithí a chéile agus meas a bheith acu orthu;
  • molann siad tuiscint idirchultúrtha, daonlathas, meas, éagsúlacht, cearta an duine, saoránacht ghníomhach agus dlúthpháirtíocht;
  • cuireann siad le hobair óige ar fud an domhain.

Ar mhaith leat a bheith páirteach?

Is eagraíocht bunaithe ar bhallraíocht é Fóram Eorpach na nÓg, agus má tá tú ag iarraidh a bheith i do bhall de caithfidh tú a bheith i do bhall de chomhairle náisiúnta don óige nó d’eagraíocht idirnáisiúnta óige (seiceáil an liosta comhaltaí). 

Ar ndóigh, mar dhuine aonair féadfaidh tú eolas a fháil faoina gcuid gníomhaíochtaí (Yo!News) agus tacaíocht a thabhairt dá bhfeachtais dhifriúla do chearta daoine óga.

Foghlaim conas is féidir leatsa a bheith páirteach sna tionscnaimh atá ar na bacáin, trí fhéachaint ar shuíomh gréasáin an Fhóraim agus ar a leathanach Facebook!