Skip to main content
young people together in a room © European Union

Comhairliúcháin a bhí ann roimhe seo mar chuid d’Idirphlé Óige an Aontais

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 23/05/2025

Tá an plé seo ar bun leis na blianta! Faigh tuilleadh eolais faoi thimthriallta an Idirphlé Struchtúraithe a bhí ann roimhe chomh maith leis an Idirphlé Óige atá ar siúl faoi láthair!

 

Is é Idirphlé Óige an Aontais a tháinig i gcomharbas ar an Idirphlé Struchtúrtha le daoine óga a cruthaíodh faoi Straitéis Óige an Aontais 2010-2018. Maireann gach timthriall den Idirphlé Óige 18 mí, agus ina dhiaidh sin glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh Rún ina leagtar béim ar na mór-mholtaí a tháinig as. Ar an gcaoi sin, úsáidtear torthaí chun tuairimí na hóige a chur san áireamh i bpróisis chinnteoireachta an Aontais. 

 

Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, an 10ú timthriall (ar siúl faoi láthair)

1 Iúil 2023 go dtí 31 Nollaig 2024

Téama: ‘Tá an óige de dhíth orainn’

Tíortha na hUachtaránachta: An Spáinn, an Bheilg agus an Ungáir

Tuarascáil chríochnaitheach Chomhdháil Eorpach na hÓige – i mBéarla

 

Idirphlé Óige an Aontais, an 9ú Timthriall

1 Eanáir 2022 go dtí 30 Meitheamh 2023

Téama: ‘Rannpháirtíocht le chéile ar mhaithe le hEoraip inbhuanaithe agus chuimsitheach’

Tíortha na hUachtaránachta: An Fhrainc, Poblacht na Seice agus an tSualainn

Tuarascáil chríochnaitheach Chomhdháil Eorpach na hÓige – i mBéarla (i bhFraincis freisin)

 

Idirphlé Óige an Aontais, an 8ú Timthriall

1 Iúil 2020 go dtí 31 Nollaig 2021

‘An Eoraip ar son na hÓige – An Óige ar son na hEorpa: Spás don Daonlathas agus don Rannpháirtíocht’. 

Tíortha na hUachtaránachta: An Ghearmáin, an Phortaingéil agus an tSlóivéin

Torthaí: Na moltaí comhpháirteacha deiridh a bhí ann, is amhlaidh a cuireadh san áireamh iad sa Rún ón gComhairle maidir le torthaí an 8ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh.

 

Idirphlé Óige an Aontais, an 7ú Timthriall 

1 Eanáir 2019 go dtí 30 Meitheamh 2020

Téama: ‘Deiseanna a chruthú don óige’

Tíortha na hUachtaránachta: An Rómáin, an Fhionlainn agus an Chróit. 

Torthaí: Na moltaí comhpháirteacha deiridh a bhí ann, is amhlaidh a cuireadh san áireamh iad sa Rún ón gComhairle a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le torthaí an 7ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 6ú Timthriall

1 Iúil 2017 go dtí 30 Nollaig 2018

Téama: ‘An Óige san Eoraip: Cad é an chéad chéim eile?’

Tíortha na hUachtaránachta: An Eastóin, an Bhulgáir agus an Ostair 

Torthaí: Le linn an timthrialla seo, glacadh aon Chuspóir Eorpach déag don Óige, cuspóirí atá san Iarscríbhinn i Straitéis Óige an Aontais. Tá léargas sna cuspóirí seo ar thuairimí na ndaoine óga san Eoraip, agus is maith an teist iad ar an bhfís atá ag na daoine atá gníomhach in Idirphlé Óige an Aontais. 

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 5ú Timthriall

1 Eanáir 2016 go dtí 30 Meitheamh 2017

Téama: ‘Cuirimis ar chumas na ndaoine óga ar fad an Eoraip a ghlacadh chucu féin agus í ilghnéitheach idirnasctha ionchuimsitheach’.

Tíortha na hUachtaránachta: An Ísiltír, an tSlóvaic agus Málta.

Torthaí: Na moltaí comhpháirteacha deiridh a bhí ann, is amhlaidh a ghlac an Chomhairle leo (Oideachas, Cultúr, an Óige agus Spórt) le linn cruinnithe sa Bhruiséil an 22 agus an 23 Bealtaine 2017. Is i rith an timthrialla seo ba léir dea-thoradh ar na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh le heagrais de chineál nua a chur san áireamh, agus bhí méadú ar líon na gcomhlachtaí poiblí agus na n-eagraíochtaí sibhialta a raibh lámh acu san obair.

 
An Comhphlé Struchtúrtha, an 4ú Timthriall

1 Iúil 2014 go dtí 31 Nollaig 2015

Téama: ‘Neamhspleáchas na hÓige’

Tíortha na hUachtaránachta: An Iodáil, an Laitvia agus Lucsamburg.

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 3ú Timthriall

1 Eanáir 2013 go dtí 30 Meitheamh 2014

Téama: ‘Cuimsiú sóisialta daoine óga ar fud na hEorpa’

Tíortha na hUachtaránachta: Éire, an Liotuáin agus an Ghréig

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 2ú Timthriall

1 Iúil 2011 – 31 Nollaig 2012

Téama: ‘Rannpháirtíocht na hÓige sa saol daonlathach san Eoraip’

Tíortha na hUachtaránachta: An Chipir, an Danmhairg agus an Pholainn

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 1ú Timthriall 

1 Eanáir 2010 – 30 Meitheamh 2011

Téama: ‘Fostaíocht na hÓige’

Tíortha na hUachtaránachta: An Ungáir, an Bheilg agus an Spáinn

Torthaí: Cuireadh na comh-mholtaí deiridh san áireamh sna Conclúidí ón gComhairle maidir le Fostaíocht don Aos Óg a Chur chun cinn d’fhonn cuspóirí Eoraip 2020 a bhaint amach agus sa Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le fostaíocht don aos óg.