© OSCE
Cúrsaí oiliúna leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 31/08/2021
Tugann Clár Intéirneachtaí na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) deis d’intéirnigh a gcuid scileanna a fhorbairt agus taithí a fháil.
Rud a chuirfidh leis na deiseanna fostaíochta a bheidh acu amach anseo agus a chuirfidh timpeallacht foghlama idirchultúrtha ar fáil.
Cuireann an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) líon teoranta áiteanna ar fáil d’intéirnigh de réir riachtanais agus shaoráidí na Ranna éagsúla. Maireann an intéirneacht idir dhá mhí agus sé mhí de ghnáth agus bíonn sí ar siúl ar feadh na bliana ar fad.
Ní íoctar pá le hintéirneachtaí ESCE ach d’fhéadfadh iarratasóirí roghnaithe nach bhfuil cónaí orthu ag an stáisiún dualgais a bheith i dteideal páirtchúiteamh ar a gcostais mhaireachtála.
Is féidir le hintéirnigh cabhrú agus tacú leis an obair a dhéanann na hoifigí seo a leanas laistigh den Eagraíocht:
- Rúnaíocht ESCE, Vín;
- Oifig Ionadaí ESCE maidir le Saoirse na Meán, Vín;
- Ard-Choimisinéir um Mionlaigh Náisiúnta, an Háig;
- Láithreacht ESCE san Albáin;
- Misean ESCE chun na Boisnia agus na Heirseagaivéine;
- Misean ESCE chun na Cosaive;
- Misean ESCE chuig Scóipé;
- Misean ESCE chun na Moldóive (eolas oibre ar an Rúisis nó ar an Rómáinis de dhíth);
- Misean ESCE chun na Seirbia;
- Comhordaitheoir Tionscadail ESCE san Úcráin;
- Lárionad ESCE in Bishkek;
- Oifig ESCE in Dushanbe.
Institiúidí agus oibríochtaí allamuigh nach bhfuil ar an liosta thuas, níl siad ag glacadh le hiarratais ar intéirneachtaí faoi láthair.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
- Ní mór d’iarratasóirí a bheith 30 bliain d’aois ar a mhéad;
- Ní mór d’iarratasóirí a bheith sa bhliain deiridh den ardoideachas (ollscoil nó institiúid chreidiúnaithe eile) ar leibhéal céime nó iarchéime; nó a bheith ina gcéimithe nua nó ina n-iarchéimithe nua, i.e. laistigh de dhá bhliain ó bhain siad céim amach;
- Ní mór d’iarratasóirí a bheith in ann dul in oiriúint do thimpeallacht oibre idirnáisiúnta, ilchultúrtha.
Anuas air sin, is gá eolas maith oibre ar an mBéarla, idir labhairt agus scríobh, chomh maith le hinniúlacht ar ríomhairí.
I roinnt cásanna, d’fhéadfadh eolas oibre ar an Rúisis nó riachtanais bhreise a bheith de dhíth le haghaidh roinnt oibríochtaí allamuigh, agus liostófar sin san fhógra maidir le folúntais.
Iarratas a dhéanamh
Ba cheart na hiarratais a dhéanamh ar fhógra folúntais ar leith san institiúid nó san oibríocht allamuigh inar mian leis an iarratasóir oibriú tríd an bhfoirm iarratais ar líne a líonadh isteach, aiste bheag inspreagtha a scríobh sa réimse “Litir Chumhdaigh” agus í a chur isteach ar líne.
Foilsítear folúntais anseo go rialta.