Skip to main content
© Flickr - garryknight © Flickr - garryknight

Lóistín gearrfhanachta san Eoraip

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 30/08/2021

Tá do thuras beartaithe agat ó thús deireadh: tá na málaí pacáilte, cuireadh na ticéid in áirithe, ach cad faoin lóistín? Féach na roghanna éagsúla chun lóistín ar phraghas réasúnta a fháil le linn do thurais.

Lóistín saor

Is rogha maith iad brúnna in áit óstán nuair atáthar ag lorg lóistín ar phraghas réasúnta. Tá liosta anseo thíos de shuíomhanna gréasáin brúnna a mbíonn an-tóir orthu:

  • European Hostels: déan cuardach le haghaidh na leapacha is fearr agus is saoire sa chathair a bhfuil tú chun cuairt a thabhairt uirthi. Is féidir leat roinnt leideanna úsáideacha taistil a fháil ar an suíomh sin freisin.
  • Hostel World: déan cuardach le haghaidh brúnna ar fud an domhain chun na margaí is fearr a fháil agus seomra a chur in áirithe. Seiceáil freisin na léirmheasanna ar bhrúnna agus an rannán ina bhfuil treoracha don turasóir mála droma agus leideanna taistil.
  • Hostelling International: is bealach iontach iad brúnna óige chun aithne a chur ar thír ar chostas íseal. Cuardaigh níos mó ná 4,000 brú óige ar fud an domhain.
  • HostelBookers: cuir brú óige nó óstán saor in áirithe i níos mó ná 3,500 áit ar fud an domhain. Féach ar an mblag taistil, na liostaí inspioráide taistil agus treoracha maidir le cinn scríbe éagsúla le leideanna a fháil chun taitneamh agus tairbhe a bhaint as do thuras.
  • Agoda: Agus rogha de níos mó ná 2,000,000 áit ann, lena n-áirítear óstáin, is cinnte go n-aimseoidh tú áit ar an suíomh seo. Féadfaidh tú níos mó airgid a shábháil ar lóistín gearrthéarmach le margaí laethúla. 
  • Hostelsclub: cuideachta Eorpach ar a bhfuil liosta de bhreis agus 37,000 áit ar fud an domhain atá ar fáil i dteangacha éagsúla. Amharc ar chathracha eile a mholtar chun tosú ar do chéad turas eile a phleanáil! 
  • Booking.com: gníomhaireacht iontaofa áirithinte a bhfuil cáil uirthi ar fud an domhain agus a sholáthraíonn eitiltí, carranna ar cíos agus tacsaithe aerfoirt freisin.
  • Hostelz: áiteanna i 7,607 gcathair agus tugann sé deis duit praghsanna a chur i gcomparáid le suíomhanna eile brúnna!

Campáil

Más fearr leat an dúlra a bheith timpeall ort, is rogha dheas ar phraghas réasúnta í an champáil.

  • EuroCampings: faigh faisnéis mhionsonraithe faoi ionaid champála san Eoraip ionas gur féidir leat campáil a dhéanamh ar do sháimhín só ar fud na hEorpa. Cuardaigh de réir tíre, réigiúin, áite, ionad campála nó saoráidí campála.
  • Interhike: comhairle campála agus fánaíochta do thíortha ar fud na hEorpa, níl ort ach an léarscáil a úsáid chun suíomhanna campála a fháil sa cheantar a roghnaíonn tú.
  • Pitchup.com: na mílte ionad campála ar fáil le cur in áirithe i níos mó ná 30 tír ar fud an domhain
  • Camping: déantar níos mó ná 20,000 ionad campála a rátáil agus is féidir áirithint a dhéanamh go díreach leo

Árasán a fháil ar cíos agus a fholigean

Más fearr leat a mhothú go bhfuil tú sa bhaile, is féidir leat seomra nó árasán iomlán a fháil ar cíos agus fiú do cheann féin a fholigean agus tú as baile.

  • Airbnb: idir árasáin, sheomraí, thithe crainn agus bháid, faigh spás ar cíos duit féin i mbreis agus 34,000 cathair agus 191 tír. Féadfaidh tú d’áit féin a ligean ar cíos agus tú imithe, rud a d’fhéadfadh costais do thurais a laghdú.
  • HolidayRentals: bailiúchán réadmhaoine de chineálacha éagsúla i mbreis agus 150 tír ar fud an domhain
  • Tripping: is féidir go leor roghanna éagsúla i níos mó ná 190 tír a sheiceáil agus comparáid a dhéanamh eatarthu 

Malartú tithe

Más duine leathanaigeanta thú agus má tá tú toilteanach glacadh le haíonna i do theach féin, ansin is féidir leat fanacht saor in aisce i dteach duine eile ar feadh cúpla lá.

  • Malartú Tithe: má bhreathnaigh tú ar “The Holiday” (2006) is dócha go mbeidh eolas agat ar an rogha seo cheana féin. Is féidir leat áit chónaithe a mhalartú le duine éigin eile in áit eile ar domhan (ní gá go mbeadh na dátaí céanna i gceist).
  • Couchsurfing: aimsigh óstaigh áitiúla i mbreis agus 200,000 cathair ar fud an domhain, oscail do theach féin do thaistealaithe nó cuir eolas ar do chathair an athuair trí bhualadh le taistealaithe agus le muintir na háite ag imeachtaí i do cheantar.
  • BeWelcome: pobal taistealaithe foinse oscailte atá saor in aisce agus nach ndéanann aon bhrabús.
  • Warmshowers: ardán thar a bheith speisialta do thurasóirí rothair, ar a n-aontaíonn gach ball go dtabharfaidh siad lóistín do rothaithe eile.
  • Trustroots: is pobal taistealaithe é seo ina bhfuil 44,000 ball faoi láthair.
  • Homestay: margadh lóistín ina nasctar aíonna le hóstaigh áitiúla i níos mó ná 150 tír.
  • Lovehomeswap: suíomh gréasáin malartaithe tithe ar a bhfuil tithe i mbreis agus 160 tír.

 
Má bhíonn deacrachtaí agat le do phleananna taistil, má bhíonn eitilt agat go luath ar maidin nó má bhíonn idirstad fada agat, nó má theastaíonn uait eachtra a bheith agat, cén fáth nach gcaithfeá an oíche ag an aerfort? Tá léirmheasanna ar The Guide to Sleeping in Airports, rangaítear air na haerfoirt is fearr agus is measa le codladh iontu agus tugtar treoir maidir le conas codladh in aerfoirt.