Skip to main content
© Renny Gamarra - Unsplash © Renny Gamarra - Unsplash

Deiseanna soghluaisteachta d'ealaíontóirí

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 06/09/2021

Ar mhaith leat do chuid cruthaitheachta a thabhairt chuig áit éigin nua? Is féidir le healaíontóirí óga leas a bhaint as lear mór deiseanna anois chun inspioráid a fháil thar lear!

Má bhíonn ealaíontóirí ag gluaiseacht idir tíortha, beidh ról ollmhór acu ar an éagsúlacht chultúrtha. Nuair a théann tú thar theorainneacha leathnaíonn tú do raon gníomhaíochtaí, ligeann tú don mhéid a chruthaíonn tú forbairt, roinneann tú do taithí le healaíontóirí eile agus foghlaimíonn tú uathu. De réir mar a théann daoine a bhfuil tallann chruthaitheach acu thar theorainneacha, bítear in ann comhoibriú agus malartú fiúntach a dhéanamh idir lucht cruthaithe ó chúlraí cultúrtha agus ó thraidisiúin ealaíonta éagsúla.

Cén chaoi a dtosóidh mé?

Sula socróidh tú imeacht, caithfidh tú a fhios a bheith agat cén fáth a bhfuil tú ag imeacht! Déan cinnte go ndéanfaidh tú liosta de na rudaí a spreagann thú chun fanacht agus oibriú in áit éigin eile. Ba cheart duit na saoráidí ealaíne a theastóidh uait a chur ar an liosta sin, na scileanna atá tú ag iarraidh a chothú, agus cibé atá an ceantar a bhfuil tú ag bogadh chuige oiriúnach nó nach bhfuil!

Nuair a bheidh na cúinsí sin go léir socraithe agat, caithfidh tú tosú ag smaoineamh ar mhaoiniú. Braitheann an maoiniú a bhíonn ar fáil ar na heagraíochtaí agus institiúidí oideachais éagsúla, ach chruthaigh an Coimisiún Eorpach Eoraip na Cruthaitheachta a fhágann go bhfuil sé níos éasca maoiniú a fháil, agus tá na sonraí maidir leis sin ar fáil anseo
 

Cá mbreathnóidh tú?

clár Eoraip na Cruthaitheachta, a mhaoiníonn an tAontas Eorpach, ag tacú le soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir agus é mar chuspóir acu saothair agus oibrithe cultúir agus cruthaitheacha a chur chun cinn ar bhonn trasnáisiúnta, chomh maith le fothú acmhainneachta.

Acmhainní spéisiúla eile:

  • Tairgeann malairtuithe óige Erasmus+ éagsúlacht mhór deiseanna soghluaisteachta do dhaoine óga
  • i-Portunus scéim shoghluaisteachta d'ealaíontóirí agus do ghairmithe cultúir
  • Cuireann Ciste Roberto Cimetta deontais ar fáil le haghaidh malartú ealaíonta agus soghluaisteacht gairmithe i réimse na dtaibhealaíon comhaimseartha agus na n-amharcealaíon laistigh de limistéar na Meánmhara
  • Is líonra faisnéise soghluaisteachta cultúrtha é On the move ina dtugtar léargas ar spriocdhátaí atá ag teannadh linn, treoracha agus uirlisí
  • Tugann Fondúireacht Bogliasco cuireadh do dhaoine atá i mbun saothair chruthaitheacha agus scolártha iarratas a dhéanamh ar a clár comhaltachta san ionad staidéir san Iodáil 
  • Tacaíonn Mobility First! Tugtar tacaíocht le soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir chun taisteal ón Aise go dtí an Eoraip, agus ón Eoraip go dtí an Áise 
  • Is líonra cónaitheachtaí d'ealaíontóirí ar fud an domhain é Res artis.
  • Forbraíonn agus tacaíonn Fondúireacht Chultúrtha na hEorpa le tionscnaimh chultúrtha trí dheontais a chur ar fáil, dámhachtainí a thabhairt amach, imeachtaí a eagrú agus neart eile.
  • Tugtar Aimsitheoir Deiseanna Eurodesk cothrom le dáta go minic le cinntiú nach gcailleann tú amach ar aon seans riamh!

Imní ort faoin athrú aeir? Féach ar an alt seo faoi dhul ag cónaí thar lear chun an t-aistriú a dhéanamh chomh héasca agus is féidir!