Skip to main content
© European Union © European Union

Tairseach Eorpach nua na hÓige seolta ag an gCoimisinéir Mariya Gabriel!

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 16/11/2020

Teachtaireacht físeáin ón gCoimisinéir Mariya Gabriel (an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige)

Inniu, tá Tairseach Eorpach nua na hÓige á seoladh againn.

In aon chlic amháin, gheobhaidh tú an t-eolas ar fad atá uait.

Tá gach uile eolas le fáil ann agus bainfear úsáid as an suíomh:

  • chun tuilleadh eolais a fháil faoinár gcláir agus faoinár dtionscnaimh, cuir i gcás Erasmus+, DiscoverEU, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus Idirphlé Óige an Aontais;
  • chun tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna le staidéar a dhéanamh, oiliúint a fháil agus obair dheonach a dhéanamh i dtír eile;
  • chun scéalta spreagúla a léamh faoi na hiar-rannpháirtithe agus faoi na himeachtaí atá ag tarlú gar duit.

Cuirfear an t-eolas ar fad ar fáil i suas le 28 dteanga!

Sa bhreis air sin, cuirfear spásanna um chomhar agus líonrú ar fáil go luath – le haghaidh rannpháirtithe agus páirtithe leasmhara araon.

Cuirim fáilte romhat féachaint ar an leagan athcóirithe de Thairseach Eorpach na hÓige.

Is leatsa é!"

An Coimisinéir Mariya Gabriel

 

Tairseach dinimiciúil ilteangach a spreagann agus a chuireann an t-eolas is déanaí ar leibhéal na hEorpa ar fáil mar aon le deiseanna do dhaoine óga agus do pháirtithe leasmhara óga atá ina gcónaí, ag foghlaim agus ag obair san Eoraip.

Tá sé in am rudaí a athrú! Bunaithe ar an aiseolas a tháinig uait, tá athbhreithniú déanta againn ar ábhar, struchtúr, dearadh agus leagan amach an tsuímh ina iomláine, rud a chuirfidh eispéireas úr dinimiciúil ar fáil duit, atá inrochtana agus éasca a úsáid!

Cad atá le fáil anseo?

An t-eolas atá ar fáil ar an suíomh, is eolas an-leathan é, cuir i gcás eolas maidir le tionscnaimh éagsúla an Aontais don óige mar aon le heolas maidir le bearta don óige. Is féidir leat teacht ar ábhar praiticiúil maidir le conas páirt a ghlacadh i dtionscadail éagsúla, conas teacht ar dheiseanna le dul go tír eile, scéalta spreagúla agus an nuacht is déanaí a léamh agus eolas a fháil faoi imeachtaí atá ag tarlú gar duit.

  • An bhfuil tú sa tóir ar eolas iontaofa?
  • An bhfuil tú sa tóir ar dheiseanna chun dul ag obair, oiliúint a fháil, staidéar a dhéanamh agus obair dheonach a dhéanamh i dtír eile nó i do thír féin?
  • Ar mhaith leat spreagadh a fháil ó dhaoine óga eile?

Is ar Thairseach Eorpach na hÓige a thiocfaidh tú ar gach rud atá uait. Níl le déanamh agat ach an suíomh a bhrabhsáil, an t-eolas a léamh agus deiseanna a aimsiú a d'fhéadfá spéis a chur iontu. 

Má theastaíonn tuilleadh tacaíochta uait, nó más mian leat aiseolas a thabhairt dúinn, téigh i dteagmháil linn agus beimid breá sásta cuidiú leat.

Faoi láthair, tá an t-eolas teoranta ach cuirfear leis sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.

Bain taitneamh as an suíomh agus scaip an scéal! 

 

Is tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh é Tairseach Eorpach na hÓige.
Is é an Coimisiún Eorpach agus Líonra Eurodesk a dhéanann cothabháil ar ábhar an tsuímh seo.