Skip to main content

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa: Painéil Eorpacha na Saoránach

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 22/10/2021

Féach ar Phainéil Eorpacha na Saoránach ina mbíonn deis ag na saoránaigh todhchaí an Aontais Eorpaigh a phlé.

Painéal 1, seisiún 2 – ‘Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist / an óige, an spórt, an cultúr agus an t-oideachas / an t-aistriú digiteach’ – a bheidh ar siúl an 5 Samhain 2021. 

Déanfaidh an painéal sin an méid seo a leanas:

  • aghaidh a thabhairt ar thodhchaí an gheilleagair agus na fostaíochta
  • dul i ngleic leis na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an athrú digiteach
  • todhchaí na hEorpa a chur faoi chaibidil ó thaobh na hóige, an spóirt, an chultúir agus an oideachais de

Féach an féilire iomlán anseo

Lean na Painéil Saoránach ar líne

Foghlaim níos mó faoi ábhair na bPainéal agus féach ar Phainéil Eorpacha na Saoránach ar líne, ón am a chuaigh thart agus ón am atá le teacht!

Bí páirteach sa phlé

Féadfaidh tú páirt a ghlacadh sa Chomhdháil trí do chuid smaointe a chomhroinnt i ndáil le dúshláin agus tosaíochtaí na hEorpa agus trí phlé a dhéanamh ar smaointe daoine eile!

Glac páirt in imeacht / reáchtáil imeacht ar líne nó go fisiceach chun deis labhartha a bheith agat.