© European Commission
#EUBeachCleanup 2022 - Eagrán na hÓige!
An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 23/09/2022
Is feachtas ríthábhachtach #EUBeachCleanup a bhíonn á chomheagrú ag an Aontas Eorpach, ag na Náisiúin Aontaithe agus ag ár gcairde gorma, na Smurfs, i mí Mheán Fómhair gach bliain, thart ar an Lá Domhanda um Ghlantachán Cóstaí, chun feasacht a mhúscailt faoin mbruscar muirí.
Bliain Eorpach na hÓige agus mí #EUBeachCleanup faoi mhaise duit!
Ar mhaith leat tús a chur leis an mbliain acadúil nua trí thionchar a imirt ar do phobal féin agus cuidiú chun ár n-aigéin a chosaint? Glac páirt sna hiarrachtaí agus eagraigh imeacht #EUBeachCleanup de do chuid féin!
Beidh imeachtaí glantacháin ar siúl ar thránna, ar bhruacha aibhneacha agus in áiteanna éagsúla eile ar fud an domhain mar chuid den fheachtas seo a bhaineann le múscailt feasachta agus le gníomhú ar son na n-aigéan.
I mbliana, mar cheiliúradh ar #EuropeanYearofYouth 2022, táimid ag díriú níos mó ná riamh ar conas daoine óga a chumasú le bheith gníomhach san fheachtas.
Cabhróidh an Treoir seo leat tabhairt faoin lóistíocht a bhaineann le d’imeacht glantacháin féin a eagrú, agus leis an aip ActNow beidh tú in ann iarrachtaí agus dul chun cinn d’fhoirne a rianú.
Tabharfaidh sé seo duit a bheith i do ghníomhaí tábhachtach maidir le feasacht a ardú laistigh de do phobail féin faoi bhagairt an bhruscair mhuirí, agus sin a dhéanamh mar chuid d’fheachtas domhanda in éineacht leis an Aontas Eorpach agus leis na Náisiúin Aontaithe.
Níos tábhachtaí fós, a bhuí leatsa agus le do phobalsa, beimid níos gaire don sprioc atá againn deireadh a chur leis an truailliú plaisteach inár n-aigéin.
Cabhraigh linn an feachtas seo a iompú ina rabharta ar son athraithe.
Tuilleadh eolais: https://oceans-and-fisheries.ec.europa.eu/eu-beach-cleanup_ga