Skip to main content
© Conference on the Future of Europe © Conference on the Future of Europe

Nocht do chuid tuairimí!

An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 29/07/2021

Tá ról ríthábhachtach ag daoine óga i dtaca leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. I gcomhthéacs na Comhdhála, tugann Parlaimint na hEorpa cuireadh do dhaoine óga a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an méid a dhéanann an tAontas Eorpach, an méid is ceart dó a dhéanamh agus an chaoi a n-oibríonn sé ar mhaithe leo.

Nocht do chuid tuairimí agus glac páirt i gcomhairliúcháin Pharlaimint na hEorpa leis an óige ar youthideas.eu! Reáchtálfar na comhairliúcháin sin leis an óige suas go dtí an Cruinniú Eorpach um an Óige (EYE2021) a bheidh ar siúl an 8-9 Deireadh Fómhair. Le linn an chruinnithe, beidh deis ag na rannpháirtithe tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na smaointe agus vóta a chaitheamh do na cinn is fearr. Cuirfear na smaointe san áireamh ansin sa Tuarascáil ar smaointe na hóige a bhaineann leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Bhaill na Comhdhála agus Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.

Tá an iliomad bealaí éagsúla ann chun páirt a ghlacadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa: ar dtús, is féidir leat do smaointe a chomhroinnt agus plé a dhéanamh orthu agus ar smaointe saoránach eile ar ardán ar líne na Comhdhála – futureu.europa.eu. Sa bhreis air sin, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi phainéil na Saoránach agus seisiún iomlánaíoch na Comhdhála. Is féidir leat eolas a fháil freisin faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na hEorpa faoi chuimsiú na Comhdhála, sin agus d’imeachtaí agus do chomhairliúcháin féin a chlárú.