Skip to main content
© European Union © European Union

SPÁS AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT DO CHÁCH – Cuidigh linn sin a fhíorú!

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 03/03/2021

Faoi chuimsiú phróiseas comhairliúcháin an ochtú timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais, faoi mhaoirsiú an Ghrúpa Stiúrtha Eorpaigh, reáchtáiltear suirbhé ar líne chun tuiscint a fháil ar dhearcaí daoine óga i leith Sprioc Eorpach na hÓige Uimh. 9: SPÁS AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT DO CHÁCH

Tá daoine óga gníomhach gafa go polaitiúil, agus is minic iad ar thús cadhnaíochta san iliomad gníomhaíochtaí domhanda agus eagraíochtaí faoi stiúir na hóige. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine óga ar na cearta atá acu a bheith rannpháirteach sa daonlathas agus, chun é sin a dhéanamh, ní mór bacainní a bhaint anuas agus comhionannas deiseanna a chruthú.

Toisc go bhfuil fonn orainn an bhearna a líonadh idir daoine óga agus institiúidí polaitíochta go háirithe – cuir do thuairim in iúl dúinn maidir le conas é sin a dhéanamh tríd an suirbhé seo ar líne den ochtú timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais a líonadh isteach faoin 15 Meitheamh 2021 ar a dhéanaí! Faoi mar is eol duit cheana – dírítear sa bhabhta comhairliúchán seo ar spásanna don óige agus rannpháirtíocht na hóige, agus tá nasc aige le Sprioc Eorpach na hÓige Uimh. 9: ‘SPÁS AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT DO CHÁCH’. Tá an comhairliúchán faoi mhaoirsiú an Ghrúpa Stiúrtha Eorpaigh d’Idirphlé Óige an Aontais, agus is ionadaithe iad baill an ghrúpa ó chomhairlí na n-óg, aireachtaí óige, Fóram Eorpach na nÓg agus an Coimisiún Eorpach.

Cuir in iúl dúinn na cineálacha spásanna poiblí a theastódh uait féin chun am a chaitheamh le chéile, tuairimí polaitiúla a phlé, bualadh le lucht déanta cinntí agus tionscadail a eagrú atá tábhachtach duit. Táimid ag iarraidh a chinntiú freisin go bhfaigheann tú eolas soiléir maidir le hábhair phoiblí a gcuireann tú spéis iontu, agus go gcuidítear leat na scileanna a fhorbairt chun tuiscint a fháil ar an gcineál sin eolais agus machnamh criticiúil a dhéanamh air. Mar sin, iarraimid ort an ceistneoir seo a líonadh isteach. Ní thógfaidh sé níos mó ná 8 nóiméad ort sin a dhéanamh.