Skip to main content
Voice Platform © European Commission

Abair amach go gcloisfear thú agus cuir do thuairim in iúl maidir leis an Ardán Gutha nua!

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 12/08/2022

Faoi chuimsiú Bhliain Eorpach na hÓige 2022, seoladh an chéad Ardán Gutha den Choimisiún Eorpach riamh.

Is í an óige an todhchaí agus is iad tuairimí agus dearcthaí na hóige a mhúnlóidh í. Ar an ábhar sin, sheol an Coimisiún Eorpach an tArdán Gutha, darb aidhm deis a thabhairt don óige ó gach cúlra agus ó gach tír a smaointe agus a n-imní a chur in iúl maidir le todhchaí na hEorpa, agus todhchaí a mhúnlú atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht, ar an daonlathas agus ar an gceartas.
 
Conas a fheidhmíonn sé?

Níl le déanamh agat ach cúpla nóiméad a chaitheamh chun teachtaireacht ghutha a thaifeadadh ina gcuirfidh tú in iúl an cineál Eorpa inar mian leat a bheith i do chónaí. Is féidir an teachtaireacht a thaifeadadh i dteanga ar bith, agus cuirfear leis an ardán í agus aistriúchán Béarla in éineacht léi mar théacs.

Scaipfear na teachtaireachtaí i naoi gcatagóir: Luachanna Eorpacha, na healaíona agus an cultúr, an saol digiteach, oideachas agus soghluaisteacht foghlama, fostaíocht, an saol glas, sláinte, folláine agus spórt, cuimsiú, agus an óige agus an domhan.

Ná fan a thuilleadh, cuir d’fhís in iúl os ard mar ba mhaith linn í a chloisteáil! 

Tá an t-ardán ar fáil ar thairseach Bhliain Eorpach na hÓige nó go díreach tríd an nasc seo