Skip to main content

I gcás inar éirigh le d’iarratas mar cheannaire grúpa ach nár bronnadh ceann ar bhaill an ghrúpa, ciallaíonn sé sin nár chomhlánaigh baill an ghrúpa a n-iarratas in am ar Thairseach Eorpach na hÓige, nó nár chomhlíon siad na critéir incháilitheachta, nó nár chliceáil siad ar an gcnaipe ‘Cuir isteach’ chun bheith cláraithe ag deireadh an phróisis iarratais. Ní féidir ach baill an ghrúpa a chuir isteach a n-iarratas roimh an spriocdháta leis an gcód a thug ceannaire an ghrúpa dóibh, agus na daoine sin amháin, páirt a ghlacadh sa tionscnamh DiscoverEU. D’fhéadfadh sé freisin gur chuir tú nó do chara/chairde níos mó ná iarratas amháin isteach. Sa chás sin, níor cuireadh san áireamh ach an chéad iarratas a cuireadh isteach. 
 

B. NÓS IMEACHTA UM DHÁMHACHTAIN
Weight
7