Is cathair í Hamburg na Gearmáine a bhfuil neart le déanamh agus le feiceáil ann – ba mhór ab fhiú duit cuairt a thabhairt air agus tú ar do thuras DiscoverEU. Is mór an spreagadh lá a chaitheamh ag siúl na cathrach seo. Bhainfeadh an ailtireacht an anáil díot, is breá iad bruacha abhainn na hEilbe agus na fearainn pháirce atá timpeall ar an gcathair, agus is iomaí sin músaem uathúil atá ann. Tá sé de cháil ar Hamburg gurb í an Chathair Chliste is nuálaí sa Ghearmáin í, agus is é a bhain an chéad áit amach ní hamháin i rangú 2020 Bitkon, ach i rangú 2020 Haselhorst Associates freisin. Táthar ag baint triail as an tiomáint uathrialach ann, féachaint cé mar is féidir í a chur chun fónaimh do mhuintir na hEorpa. Mar sin, léim ar mhionbhus uathrialach e-shuttle go bhfaighe tú síob tríd an gcathair agus gan aon duine ar an stiúir! Tabhair cuairt ar Hammerbrooklyn.DigitalCampus chun tuilleadh eolais a fháil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i réimse na nuálaíochta uirbí agus digití.
An áit rómánsúil atá uait? Léim ar thraein agus tabhair sciuird ar Heidelberg na Gearmáine. Shílfeá gur íomhá amach as leabhar pictiúr a bhí romhat, agus a bhfuil le feiceáil ann d’fhothracha caisleán, de thithe maorga, de shráideanna doirneogacha, de chnoic úrghlasa, de chearnóga ársa agus de radhairc aoibhne ar an abhainn. Éalaigh leat ón saol mór tamall go mbaine tú lán na súl as na radhairc áille ar an gcathair atá le feiceáil feadh Bhealach na bhFealsamh. A bhuí le hobair dhian dhícheallach, is cathair fhuinniúil, nuálach, idirnáisiúnta atá in Heidelberg ina mbaintear úsáid as teicneolaíocht dhigiteach chliste chun ardchaighdeán maireachtála a chur ar fáil don phobal trí chéile agus chun mianach sainiúil na cathrach a chaomhnú. Is cathair í atá ar thús cadhnaíochta i réimsí go leor, agus is i réimse an leighis agus réimse an oideachais is túisce a bhí sí ina ceannródaí. Íoslódáil aip na cathrach ar mhaithe le barr suilt a bhaint as do chuid ama in Heidelberg.
Is in Ulm na Gearmáine, cathair atá ar bhruach na Danóibe, a rugadh Albert Einstein, agus is ann atá an spuaic eaglaise is airde ar domhan - ach tá údair iontais thairis sin ag baint leis freisin! Ag siúl tríd an gcathairín shuaimhneach seo duit, níl aon amhras ach go gcasfar saibhreas mór cultúrtha agus ailtireacht álainn ort, chomh maith le hiontais eile nach iad. Agus tú ag spaisteoireacht leat ar na sráideanna doirneogacha, seas ag Rathaus Ulm go bhfeice tú na freascónna - cuirfidh siad faoi gheasa thú, tá cuid acu atá ann ó lár an 16ú haois. Díreach os comhair na háite sin atá an Fischkastenbrunnen (Fuarán Bhosca an Éisc). Bhaineadh ceannaithe éisc úsáid as an bhfuarán sin chun a gcuid éisc a choinneáil beo ar laethanta margaidh, agus is as sin a tháinig an t-ainm. Tá an gradam Cathair na Todhchaí 2030 buaite ag Ulm, agus tá an gradam Bardas Digiteach na Todhchaí buaite aige laistigh de stát Baden-Württemberg na Gearmáine. Tá an chathair sin ag díriú freisin ar an nuálaíocht a chur chun cinn sa ghnó, rud atá sé a dhéanamh trína gorlann teicneolaíochta, Verschwörhaus.
Tá Vadús ina phríomhchathair ar cheann de na tíortha is lú ar domhan, agus más beag bídeach féin í, níl aon easpa suáilcí air. Is iomaí músaem spreagúil atá san áit, agus orthu sin tá Músaem Mínealaíon Lichtinstéin, áit a bhfuil bailiúchán spreagúil d’ealaín chomhaimseartha agus nua-aimseartha. Ní scaoiltear carranna isteach sa lár, rud a fhágann go mbeidh tú ar do shuaimhneas ar fad agus tú ag siúl thart ag féachaint ar struchtúir Ghotacha agus Bharócacha atá ina seasamh ó bhí an mheánaois ann. Ó lár na cathrach, féadfaidh tú imeacht go réidh le fána ar an gcosán i dtreo Chaisleán álainn Vadúis, áit a bhfuil cónaí ar Phrionsa Lichtinstéin. Is cathair chliste, dhea-nasctha atá in Vadús, agus chomh maith leis sin is mol do ghnólachtaí digiteacha é. Ar na tionscadail atá lonnaithe ann tá Digital Liechtenstein, arb é is aidhm dó gnólachtaí digiteacha a nascadh le chéile, a éascú agus a mhéadú, agus Digital Summit Liechtenstein.
Ní taobh leis an bhfaisean amháin atá Milan, bíodh a fhios agat! Is áit í príomhchathair seo Lombardy ina bhfuil saibhreas mór staire agus ealaíne, chomh maith le togha na siopadóireachta, an bhia, agus an spóirt. Is mairg don té nach rachadh ag breathnú ar ardeaglais Il Duomo, atá ar áilleacht an tsaoil, ar Galleria Vittorio Emanuele Il atá buailte ar an ardeaglais féin, agus ar chanálacha aoibhne cheantar Navigli, áit a bhfuil beáranna bríomhmhara. Le linn duit a bheith sa chathair sin, nach mbeadh sé chomh agat dul ag féachaint ar an ealaín spreagúil sráide atá ann? Beidh rochtain agat ar Open WiFi agus tú i Milan a bhuí leis na baill teo WiFi atá scaipthe ar fud na cathrach. Os cionn 50 acu atá ann. Níl dabht ar bith ach go dtaitneoidh Milan thar barr leat! In 2019, is air a bhronn New Cities gradam Chathair na Folláine le haghaidh Cathracha Cliste. Bhí Milan páirteach i dtionscadal darb ainm EU-GUGLE, tionscadal de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le Cathracha Cliste, faoina bhforbraítear samhlacha um athchóiriú foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de, agus ar a ndéanfar aithris ar fud na hEorpa. Le cois an mhéid sin, tá obair mhór déanta ag an gcathair seo chun a líonra iompair phoiblí a dhéanamh níos inrochtana. Oibríodh i gcomhar le heagraíochtaí daoine faoi mhíchumas chun caighdeáin inrochtaineachta a fhorbairt maidir leis an iompar poiblí. A bhuí leis an tionscadal sin agus le cinn eile nach é is ar Milan a bronnadh an Príomh-Ghradam don Chathair is Inrochtana in 2016.
Léim den traein in Rijeka na Cróite go gcuirfidh tú eolas ar an gcathair – is iomaí sin díol spéise ann! Agus tú ann, siúl síos an Korzo. Sin í príomhshráid na cathrach. Tá sí ag síneadh le bruacha an Riva, agus is sráid ghleoite do choisithe amháin í, ar a bhfuil siopaí, agus caiféanna a bhfuil boird amuigh faoin aer acu. Is ag ceann na sráide sin atá foirgneamh Radio Rijeka agus túr cloig na cathrach, dhá fhoirgneamh a bhfuil déanamh clasaiceach ar an aghaidh atá orthu. Beidh caitheamh ina dhiaidh ort mura rachaidh tú ag breathnú ar tholláin faoi thalamh TunnelRi. A bhuí leis an tionscadal WiFi4EU – WiFi saor in aisce do mhuintir na hEorpa, tionscadal a cuireadh i gcrích in 2019, tá WiFi ardluais le fáil saor in aisce i gcodanna áirithe den chathair. In 2018, thug Rijeka an chraobh leis i rannóg na Cathrach Cliste Is Fearr sa Chróit. Tá 83 thionscadal Cathair Chliste ar siúl ann faoi láthair, agus tá gealltanas tugtha go gcuirfear i gcrích iad.
Is mithid iompú ar an iompar glan agus dul i muinín na traenach! Léim di i Novo Mesto na Slóivéine. Is baile é seo a bhfuil ceangal aige leis an dúlra, agus ba mhór é tionchar an cheangail sin ar an stair a bhaineann leis an mbaile féin. Tá rudaí ann a chuirfidh faoi gheasa ar fad thú. Orthu sin tá caisleán aoibhinn Otočec atá istigh i lár oileáin ar abhainn an Krka, cnocáin Trška Gora atá breac le fíonghoirt agus le teachíní, agus iontais eile nach iad. Ní fearr rud a dhéanfá ná dul go Breg go bhfeice tú sean-sráideanna na háite. Tá busanna leictreacha le fáil sa bhaile seo le tamaillín anuas – léim ar cheann acu má éiríonn tú bréan de bheith ag siúl. Tá sé i gceist ag Novo Mesto a bheith ina chathair chliste faoi 2030. Táthar ag obair i gcomhar le Telekom Slovenije agus le SAP Slovenija chun bonneagar Cathair Chliste a fhorbairt agus a shuiteáil ar fud na cathrach.