Skip to main content
DiscoverEU visual - girl hugging a tree © European Union, 2024

An nuacht is déanaí: tá DiscoverEU ar ais!

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 16/04/2024

Cuir iarratas isteach anois agus tapaigh an deis le bheith ar dhuine den 35,000 daoine óga san Eoraip a bhuafaidh pas taistil.

Seo é an t-am, tá babhta nua DiscoverEU buailte linn, agus nuacht iontach ag gabháil leis... Is cuid de chlár Erasmus+ é DiscoverEU anois!  Glacfar le hiarratais ar ghlao Earrach 2023 an athuair ar Thairseach Eorpach na hÓige ó mheán lae (Am Lár na hEorpa) an 15 Márta go dtí meán lae (Am Lár na hEorpa) an 29 Márta 2023.

Clár de chuid an Aontais Eorpaigh is ea DiscoverEU lena gcuirtear pas taistil ar fáil trí eispéiris foghlama do dhaoine óga 18 mbliana d’aois le go mbeidh siad in ann an Eoraip a shiúl.

Chun iarratas a chur isteach, is gá:

  • gur idir an 1 Iúil 2004 agus an 30 Meitheamh 2005, na dátaí sin san áireamh, a rugadh thú;
  • go bhfuil cónaí dleathach ort i gceann de na tíortha seo a leanas tráth an chinnidh roghnúcháin:

                  - ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, na Tíortha agus Críocha Thar Lear san áireamh nó

                  - ceann de na tríú tíortha atá bainteach le Clár Erasmus+: an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Tuirc;

  • go líonann tú isteach an uimhir aitheantais (ID), uimhir phas nó uimhir an chárta cónaithe dhlíthiúil cheart ar an bhfoirm iarratais ar líne;
  • páirt a ghlacadh i dtráth na gceist (ach amháin má chuireann tú isteach ar DiscoverEU mar bhall de ghrúpa).

I gcás ina roghnófar thú, beidh tú in ann taisteal ar feadh tréimhse nach lú ná aon lá amháin agus nach mó ná 30 lá idir an 15 Meitheamh 2023 agus an 30 Meán Fómhair 2024. 

Sa bhreis air sin, tabharfar cárta lascaine DiscoverEU duit ar a mbeidh laghduithe ar chuairteanna cultúrtha, gníomhaíochtaí foghlama, spórt, iompar áitiúil, lóistín, bia agus go leor eile!


An féidir liom taisteal le mo chuid cairde?

Is féidir cinnte. Fút féin atá sé. Is féidir leat taisteal i d’aonar nó suas le ceathrar cairde a chur le do ghrúpa, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta.

Tabhair do d’aire, má tá míchumas ort nó fadhb shláinte agat a fhágann go mbeidh an taisteal dúshlánach duit, gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht a chabhróidh leat páirt a ghlacadh sa chlár.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ó na daoine a ghlac páirt ann roimhe seo, déan teagmháil le hAmbasadóirí DiscoverEU: is féidir teacht orthu i nGrúpa Facebook DiscoverEU. Sa ghrúpa sin beidh tú in ann labhairt le taistealaithe eile de chuid DiscoverEU, do chuid pleananna taistil a roinnt leo, socruithe a dhéanamh chun bualadh le chéile agus spreagadh a fháil.

An bhfuil tú réidh lena aghaidh? Féach na sonraí go léir (rialacha agus na Ceisteanna Coitianta) agus go n-éirí leat!!!

An bhfuil tú ró-óg chun páirt a ghlacadh sa bhabhta seo? Ná bí buartha! Beidh babhta eile ann san fhómhar agus san earrach gach bliain.
 

dehaze