Céard atá i gceist le Bliain Eorpach na hÓige?
Nocht do chuid tuairimí! Is í 2022 Bliain Eorpach na hÓige, ina dtarraingeofar aird ar thábhacht óige na hEorpa i dtaca le todhchaí níos fearr a thógáil – todhchaí a bheidh níos glaise, níos cuimsithí agus níos digití. Agus neart deiseanna ann chun foghlaim, d’fhís a roinnt, bualadh le daoine agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar fud na hEorpa, is í Bliain Eorpach na hÓige an t-am le bogadh ar aghaidh le muinín agus dóchas agus muid ag díriú ar an saol tar éis na paindéime. Faigh amach faoin méid atá i ndán duit le linn na Bliana agus glac páirt sa #EYY2022 !