Skip to main content

Ráiteas Príobháideachais – Gníomhaíochtaí cumarsáide do Bhliain Eorpach na hÓige 2022

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do chuid sonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

An fhaisnéis maidir le hoibríocht phróiseála DPR-EC-12988 do na gníomhaíochtaí cumarsáide faoi Bhliain Eorpach na hÓige arna déanamh ag AS.EAC.B.3, cuirtear i láthair í thíos. 
 

2. Cén fáth agus cén dóigh a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta? 

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Na sonraí pearsanta ar a dtugtar cur síos (i roinn 4), déanaimid iad a phróiseáil chun na gníomhaíochtaí cumarsáide ar a dtugtar cur síos orthu thíos agus arna ndéanamh do Bhliain Eorpach na hÓige 2022 a léiriú agus a chur chun cinn. Déanaimid na sonraí pearsanta sin a phróiseáil bunaithe ar an toiliú sainráite a fuarthas ó na hábhair sonraí lena n-áirítear a sonraí pearsanta a fhoilsiú don phobal i gcoitinne. 
I measc na ngníomhaíochtaí cumarsáide tá gníomhaíochtaí amhail:

  1. Agallaimh le grúpaí páirtithe leasmhara éagsúla, agus is féidir le daoine óga na hagallaimh sin a dhéanamh mar chuid de meitheal iriseoirí óga nó de rannchuidiú ad hoc ó dhaoine óga.
  2. Grianghraf nó físeán chun críocha comórtais nó a ghabhann le smaoineamh faoi chuimsiú Bhliain Eorpach na hÓige 2022.
  3. Físeáin a ndearnadh féintaifeadadh orthu, mar shampla faoin bhfeachtas ‘#SHEU leads’.
  4. Aighneachtaí maidir leis na smaointe (téacs) a cuireadh isteach faoin rannán ‘dearcthaí & dréimeanna’ ar Thairseach Eorpach na hÓige.
  5. Teachtaireachtaí a ndearnadh féintaifeadadh orthu maidir le smaointe, dréimeanna agus dearcthaí ar Ardán Ghuth na nÓg.
  6. Ábhair chlóite/ar líne

2. 1. Meitheal iriseoirí óga

Cruthaíodh meitheal iriseoirí óga i bhfianaise Bhliain Eorpach na hÓige 2022, agus is é Eurodesk a d’eagraigh. Bailíonn an meitheal le chéile iriseoirí óga Eorpacha ó gach cearn den Eoraip agus cuireann siad a n-ábhar tuairim-bhunaithe ar fáil ar théamaí éagsúla ar díol spéise iad do dhaoine óga agus trí chineálacha éagsúla formáidí (ailt, físeáin, podchraoltaí agus eile). Is ábhair sonraí iad iriseoirí óga na hEorpa i ngeall go bhfoilsítear a n-ainm agus a bhfaisnéis phearsanta eile in éineacht lena n-ábhar. Le linn a ngníomhaíochtaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar iriseoirí óga sonraí pearsanta daoine éagsúla a bhailiú, daoine a bheidh ina n-ábhair sonraí freisin dá bhrí sin (e.g. nuair a dhéanann siad agallaimh le páirtithe leasmhara éagsúla). 

Beidh sé de chúram ar Eurodesk toiliú na n-ábhar sonraí a bhailiú. Bunaithe ar thoiliú sainráite na n-ábhar sonraí, foilseofar an t-ábhar sa rannán tiomnaithe de leathanach gréasáin Bhliain Eorpach na hÓige ar Thairseach Eorpach na hÓige, agus scaipfear é ar chainéil ghaolmhara na meán sóisialta (Facebook: EuropeanYouthEU, Instagram: @european_youth_eu, Twitter: @EuropeanYouthEU) agus ar aon chainéal ábhartha eile (féach ceannteideal 7). 

Do shonraí pearsanta, úsáidfear iad le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh. 

2.2. Comórtas grianghraf nó físeáin

Chun Bliain Eorpach na hÓige 2022 a chur chun cinn d’fhéadfadh sé go n-eagrófaí comórtais, comórtais grianghraf nó físeáin ina measc. Iarrfar ar na hábhair sonraí foirm toilithe a chomhlánú mar aon le foirm cheadúnais i dtaca leis an bhfíseán/grianghraf a dhéanfaidh an rialaitheoir sonraí a phróiseáil ansin. Maidir le mionaoisigh, beidh ar an té ar a bhfuil freagracht tuismitheora as an leanbh na foirmeacha sin a líonadh isteach. Bunaithe ar thoiliú sainráite na n-ábhar sonraí, foilseofar an t-ábhar sa rannán tiomnaithe de leathanach gréasáin Bhliain Eorpach na hÓige ar Thairseach Eorpach na hÓige, agus scaipfear é ar chainéil ghaolmhara na meán sóisialta (Facebook: EuropeanYouthEU, Instagram: @european_youth_eu, Twitter: @EuropeanYouthEU) agus ar aon chainéal ábhartha eile (féach ceannteideal 7). 

Do shonraí pearsanta, úsáidfear iad le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh. 

2.3. Físeáin a ndearnadh féintaifeadadh orthu, an feachtas ‘#SHEU leads’ san áireamh

Ábhar closamhairc atá féintaifeadta, grianghraif agus físeáin a léiríonn páirtithe leasmhara éagsúla, bainfear úsáid astu chun gníomhaíochtaí cumarsáide a chur chun cinn faoi Bhliain Eorpach na hÓige 2022, cuir i gcás an feachtas ‘#SHEU leads’. 

Leis an bhfeachtas ‘#SHEU leads’, cuirfear i dtábhacht scéalta faoi chailíní agus mná óga (faoi 30 bliain d’aois) i réimsí an oideachais, na hóige, an chultúir, an spóirt agus an taighde agus na nuálaíochta (i bhformáid fís-scéala) a bhfuil gaol díreach nó indíreach acu le cláir de chuid an Aontais. Déanfaidh na hiarrthóirí féintaifeadadh ar fhíseán lena dtabharfar léargas orthu féin. 

Iarrfar ar na hábhair sonraí foirm toilithe a chomhlánú mar aon le foirm cheadúnais i dtaca leis an bhfíseán/grianghraf a dhéanfaidh an rialaitheoir sonraí a phróiseáil ansin. Bunaithe ar thoiliú sainráite na n-ábhar sonraí, úsáidfear an t-ábhar faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí cumarsáide do Bhliain Eorpach na hÓige 2022, an feachtas ‘#SHEU leads’ san áireamh, agus foilseofar é ar ardáin meán éagsúla (féach ceannteideal 7). 

Do shonraí pearsanta, úsáidfear iad le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh. 

2.4. Rannchuidiú leis an rannán ‘dearcthaí & dréimeanna’

Roinneann daoine óga, mionaoisigh san áireamh, gearrscéalta i scríbhinn faoina ndréimeanna, faoina mianta, agus faoina n-aislingí don todhchaí, chomh maith le grianghraf díobh féin le bheith in éineacht lena n-ionchur scríofa. Cuireadh an ghníomhaíocht sin ar bun i gcomhar leis JRC agus an t-ionchur a fuarthas don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa/ #OurFutures. An t-ábhar a gheofar don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, cuirfidh JRC ar fáil é do AS.EAC.B.3. 

Beidh sé de chúram ar JRC toiliú na n-ábhar sonraí a bhailiú. Bunaithe ar thoiliú sainráite na n-ábhar sonraí, foilseofar an t-ábhar sa rannán tiomnaithe de leathanach gréasáin Bhliain Eorpach na hÓige ar Thairseach Eorpach na hÓige, agus scaipfear é ar chainéil ghaolmhara na meán sóisialta (Facebook: EuropeanYouthEU, Instagram: @european_youth_eu, Twitter: @EuropeanYouthEU) agus ar aon chainéal ábhartha eile (féach ceannteideal 7). 

Do shonraí pearsanta, úsáidfear iad le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh. 

2.5. Teachtaireachtaí a ndearnadh féintaifeadadh orthu maidir le smaointe, dréimeanna agus dearcthaí ar Ardán Ghuth na nÓg.

Bailímid agus déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun eolas a chur ar fáil duit faoi na rudaí a cheapann an chuid is mó den ghlúin óg agus chun gach tuairim agus ionchur ó dhaoine óga nach n-éisteann lucht déanta beartas leo a chur in iúl, trí do ghuth a thaifeadadh agus a fhoilsiú ar an ardán.

Mar chuid de Bhliain Eorpach na hÓige, is uirlis oscailte é Ardán Ghuth na nÓg lena gcuirtear fáilte roimh Eorpaigh óga a nguthanna comhchoiteanna agus aonair a chur chun cinn. Agus a nguthanna á seoladh agus á dtaifeadadh acu, labhróidh na rannpháirtithe ina dteanga féin agus cuirfidh an t-ardán a dteachtaireachtaí in oiriúint go huathoibríoch go tras-scríbhinní Béarla trí úsáid a bhaint as bogearraí uathoibrithe. Úsáidfear seirbhís scagtha eascainí freisin chun a dheimhniú go bhfuil an teanga ag cloí le cuibhiúlacht na teanga. Úsáidfear seirbhís nádúrtha tuisceana teanga, próiseas lena ndéantar anailís ar an téacs, chun meiteashonraí a bhaint as ábhar amhail coincheapa, eintitis, eochairfhocail, catagóirí, mothúcháin, caidreamh, róil shéimeantacha, agus comhréir. Cuirfear na meiteashonraí uile a ghintear ar fáil do gach taifeadadh sa chúl-deais. 

Nuair a bheidh an nóta gutha taifeadta, déanfaidh modhnóirí meastóireacht ar a bhfuil ann agus gheobhaidh tú teachtaireacht a luaithe a bheidh an t-ábhar ceadaithe agus foilsithe. Nuair a bheidh an taifeadadh gutha ceadaithe agus foilsithe ar an ardán, beidh cuairteoirí in ann éisteacht leis an nóta gutha.
Tar éis dóibh an toiliú a fháil ó na hábhair sonraí, d’fhéadfadh Foireann Meán Sóisialta EAC na comhaid fuaime a asbhaint agus a úsáid chun iad a roinnt ar na meáin shóisialta, agus ar aon chainéil ábhartha eile (féach ceannteideal 7). Ina theannta sin, a luaithe a fhormheastar agus a fhoilsítear an taifeadadh gutha ar an ardán, is féidir le cuairteoirí an guth a chomhroinnt go seachtrach (chuig cainéil eile amhail na meáin shóisialta). 

Beidh sé de chúram ar an gconraitheoir Rainbow Consortium (arna chruthú ag ICF NEXT S.A agus MEDIABRANDS) toiliú na n-ábhar sonraí a bhailiú. Déanfar é tríd an ardán Youthvoices.eu, díreach sula gcuirfidh na hábhair sonraí a n-ábhar isteach, trí thic a chur sa bhosca/sna boscaí ar an bhfoirm chlárúcháin ar líne.

Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith trí theagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir ag na sonraí teagmhála thíos (féach ceannteideal 9) nó tríd an bhfoirm atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Youthvoices.eu. 

Do shonraí pearsanta, úsáidfear iad le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

2.6. Ábhair chlóbhuailte/fhisiciúla agus ar líne

Chun Bliain Eorpach na hÓige 2022 a chur chun cinn, d’fhéadfaí cineálacha éagsúla ábhar fisiciúil agus ábhar ar líne a chruthú. D’fhéadfaí iad sin a roinnt trí na bealaí ábhartha cur chun cinn (féach ceannteideal 7). Beidh sé de chúram ar an gconraitheoir Rainbow Consortium (arna chruthú ag ICF NEXT S.A agus MEDIABRANDS) toiliú na n-ábhar sonraí a bhailiú.

Do shonraí pearsanta, úsáidfear iad le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

(d) tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch sonrach amháin nó níos mó;

De réir Airteagal 8(1) de Rialachán 2018/1725 maidir le toiliú leanaí, i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise a thairiscint go díreach do leanbh, beidh an phróiseáil dleathach má tá an leanbh 13 bliana d’aois ar a laghad. I gcás leanaí ar óige iad ná 13 bliana d’aois, is é an té ar a bhfuil freagracht tuismitheora as an leanbh a thabharfaidh nó a údaróidh an toiliú.
 

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid? 

D‘fhonn na hoibríochtaí próiseála sin a chur i gcrích, d’fhéadfadh AS.EAC.B.3 na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas a bhailiú, go díreach ón ábhar sonraí nó trí thríú páirtithe (i.e. an conraitheoir, JRC, Eurodesk agus iriseoirí). Déanfar na sonraí pearsanta thíos go léir nó cuid díobh a bhailiú agus a phróiseáil tuilleadh, ag brath ar an gcineál gníomhaíochta atá i gceist: 

  • Ainm agus sloinne;
  • Feidhm;
  • Sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, uimhir fóin póca, cuideachta agus roinn, tír chónaithe, seoladh IP, meáin shóisialta); 
  • Faisnéis maidir le meastóireacht a dhéanamh ar na critéir roghnúcháin nó ar na critéir incháilitheachta: aois, inscne, saineolas, scileanna teicniúla agus teangacha, cúlra oideachais, taithí ghairmiúil, lena n-áirítear sonraí faoin bhfostaíocht reatha agus roimhe seo;
  • An tír thionscnaimh;
  • Náisiúntacht;
  • Teanga;
  • Ábhar closamhairc: grianghraf/físeán den ábhar nó aon ábhar eile ónar féidir an t-ábhar a aithint ó amharc;
  • Ábhar fuaime: taifeadadh gutha;
  • Ábhar scríofa: míreanna nuachta, ailt, páipéir tuairimíochta, athfhriotail, beathaisnéisí, tuairimí, aistí, páipéir taighde, preaseisiúintí, tuarascálacha, dírbheathaisnéisí, scéalta, aistriúcháin, tras-scríbhinní. 

Níl sé éigeantach sonraí pearsanta a sholáthar. 


5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn an rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta ach amháin chomh fada is gá chun cuspóir a mbailithe a chomhlíonadh nó chun próiseáil bhreise a dhéanamh orthu, is é sin 2 bhliain tar éis do Bhliain Eorpach na hÓige 2022 teacht chun deiridh. 

Tá ceangal conarthach ar chonraitheoirí an Choimisiúin Eorpaigh sonraí pearsanta a phróiseáil thar ceann an rialaitheora sonraí agus i gcomhréir lena threoracha, aon sonraí a phróiseálann siad a choinneáil faoi rún agus iad a chosaint ar rochtain, úsáid agus coinneáil neamhúdaraithe.

6. Cén dóigh a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Stóráiltear na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí a uaslódáladh, etc.) ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus/nó ar fhreastalaithe a chonraitheora – Rainbow Consortium (arna chruthú ag ICF NEXT S.A agus MEDIABRANDS) – go dtí deireadh a dtréimhse coinneála. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi réir clásal conarthach ar leith maidir le haon phróiseáil a dhéanfar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta a eascraíonn as trasuí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí sna Ballstáit (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679). 

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil á gcur san áireamh. Ar na bearta eagraíochtúla, ní dhéantar cead rochtana ar na sonraí pearsanta a thabhairt ach do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

7.1. Sonraí pearsanta a nochtadh

Is do sheirbhísí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh (a bhfuil baint acu le cur chun feidhme Bhliain Eorpach na hÓige 2022) agus do bhaill foirne údaraithe de chuid an chonraitheora atá freagrach as na hoibríochtaí próiseála sin a dhéanamh a thabharfar rochtain ar do shonraí pearsanta agus sin de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanas eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta. 

D‘fhéadfadh sé gurb iad seo a leanas an chatagóir d’fhaighteoirí na sonraí (liosta neamh-uileghabhálach, ag brath ar an oibríocht phróiseála):

  • Baill foirne ón gCoimisiún Eorpach (seirbhísí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus na hArd-Stiúrthóireachtaí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme Bhliain Eorpach na hÓige 2022); 
  • páirtithe leasmhara óige na hEorpa; 
  • Baill foirne ó Pharlaimint na hEorpa, ó Choiste na Réigiún, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa; 
  • gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh;
  • an conraitheoir cumarsáide atá i gceannas ar ghníomhaíochtaí cumarsáide a bhaineann le Bliain Eorpach na hÓige 2022: Rainbow Consortium arna chruthú ag ICF NEXT S.A agus MEDIABRANDS; 

Na sonraí ar a dtugtar cur síos (féach ceannteideal 4), déantar iad a choinneáil chun gníomhaíochtaí cumarsáide a léiriú nó a chur chun cinn faoi Bhliain Eorpach na hÓige 2022. Feicfidh an pobal i gcoitinne agus na catagóirí thuasluaite d’fhaighteoirí sonraí sonraí ábhartha pearsanta aon duine a chuir eagarthóirí údaraithe le hailt, le míreanna nuachta, etc. (féach ceannteideal 2), mar shampla ainm an rannchuiditheora le haghaidh mír nuachta, ag brath ar an ngníomhaíocht chumarsáide a dhéantar do Bhliain Eorpach na hÓige 2022.

Ní rachaidh foilsiú na sonraí pearsanta thar chreat na hoibríochta ar chomhaontaigh an t-ábhar sonraí a bheith rannpháirteach inti. Ní fhoilseofar ach na sonraí pearsanta ar thug an t-ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú ina leith. Sonraí pearsanta eile, seachas na sonraí sin a fhoilsítear le haghaidh na ngníomhaíochtaí cumarsáide, d’fhéadfaí iad a phróiseáil chun na gníomhaíochtaí a fhorbairt go rathúil (e.g. le linn nós imeachta roghnúcháin). Is ag baill foirne de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus baill foirne an chonraitheora atá freagrach as na hoibríochtaí próiseála sin a chur i gcrích agus ag baill foirne údaraithe a bheidh rochtain ar na sonraí pearsanta sin, agus acu sin amháin, de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Na sonraí a chuirtear ar fáil agus ar aontaigh an t-ábhar sonraí lena bhfoilsiú, d’fhéadfaí iad a fhoilsiú ar na hardáin thíos luaite.

D’fhéadfaí sonraí pearsanta an t-ábhar sonraí a fhoilsiú ar ardáin agus ar chainéil fógraíochta an Choimisiúin Eorpaigh, amhail a chuntais meán sóisialta, a thagann go dleathach faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus sonraí pearsanta faoi dhaoine aonair san Aontas á bpróiseáil, fiú má úsáidtear uirlisí tríú páirtí. Go sonrach, is féidir na sonraí a fhoilsiú trí leathanach gréasáin Bhliain Eorpach na hÓige agus trí Thairseach Eorpach na hÓige, Ardán Ghuth na hÓige, cainéil mheáin shóisialta an Choimisiúin Eorpaigh (Facebook, Twitter, Instagram, YouTube), Intracomm an Choimisiúin Eorpaigh, Wiki na Meán Sóisialta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, agus aon ardán eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus suíomhanna gréasáin nó ardáin meán tríú páirtí eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha le cur chun cinn.

7. 2. Fianáin

Is éard atá i bhfianáin comhaid ghearra téacs a stórálann suíomh gréasáin ar ghaireas an úsáideora (amhail ríomhaire, táibléad nó guthán). Úsáidtear fianáin le haghaidh feidhmíocht teicniúil suímh gréasáin (fianáin fheidhmiúla) nó chun staitisticí a bhailiú (fianáin anailíseacha).

Is é Europa Analytics a stórálann na fianáin, is é sin an tseirbhís chorparáideach a mheasann éifeachtacht agus éifeachtúlacht shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar EUROPA.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Taifead ar Phróiseáil DPR-EC-00685 (Europa Analytics).

Níl sé iomlán riachtanach na fianáin sin a chumasú ionas go n-oibreoidh na suíomhanna gréasáin ach cuirfear taithí brabhsála níos fearr ar fáil duit dá bharr. Is féidir leat na fianáin sin a scriosadh nó a bhlocáil, ach má dhéanann tú sin b’fhéidir nach mbeadh roinnt gnéithe ar na suíomhanna gréasáin ag obair mar ba cheart.

Ní bhaintear leas as an bhfaisnéis a bhaineann le fianáin chun ábhair sonraí a aithint go pearsanta agus tá na sonraí patrúin go hiomlán faoi rialú an Choimisiúin. Ní bhaintear aon úsáid eile as na fianáin sin seachas an úsáid a bhfuil cur síos déanta uirthi anseo.

I gcás inar mian leat gan do shonraí pearsanta a bheith san áireamh inár staitisticí anaithnide, comhiomlánaithe, is féidir leat an rogha sin a dhéanamh ar an leathanach fianán. Go háirithe, is féidir leat fianáin a bhainistiú agus/nó a scriosadh de réir mar is mian leat.

a) Ar Ardán Ghuth na nÓg

Fianán anailísithe – Úsáidfidh an conraitheoir fianáin anailísithe le haghaidh taighde inmheánach ar conas is féidir leo feabhas a chur ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil dár n-úsáideoirí uile, agus chun na críche sin amháin.

Ní dhéanann na fianáin ach an dóigh a n-idirghníomhaíonn tú leis an suíomh gréasáin a mheas – mar úsáideoir gan ainm (ní dhéanann na sonraí a bhailítear fút tú a shainaithint go pearsanta).

Ina theannta sin, ní chomhroinntear na sonraí sin le haon tríú páirtí ná ní úsáidtear iad chun aon chríche eile. Déantar na staitisticí anaithnidithe a chomhroinnt le conraitheoirí a bhíonn ag obair ar thionscadal Copernicus faoi chomhaontú conarthach leis an gCoimisiún.

Mar sin féin, is féidir leat na cineálacha sin fianán a dhiúltú nó glacadh leo leis an meirge fianán a fheicfidh tú ar an gcéad leathanach ar a dtugann tú cuairt.
 

Ainm

Seirbhís

Cuspóir

Cineál agus fad an fhianáin

_pk_id*

Matomo

Is é Matomo a shuiteáil an fianán seo. Úsáidtear an fianán chun aitheantas úsáideora uathúil a stóráil, súil a choinneáil ar úsáid an tsuímh do thuarascáil anailísithe an tsuímh. Stórálann na fianáin faisnéis gan ainm agus sannann siad uimhir a ghintear go randamach chun cuairteoirí uathúla a aithint.

Fianán rianaithe céadpháirtí, 13 mhí

_pk_ses*

Matomo

Is é Matomo a shuiteáil an fianán seo. Úsáidtear an fianán chun faisnéis a stóráil faoin gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí suíomh gréasáin agus cuidíonn sé le tuarascáil anailísithe a chruthú faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leis an suíomh gréasáin. Na sonraí a bailíodh, lena n-áirítear an líon cuairteoirí, an áit as a dtáinig siad agus na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu i bhfoirm anaithnid.

Fianán neamhbhuan céadpháirtí, 30nóim.

7. 3. Uirlisí TF tríú páirtí, lena n-áirítear na Meáin Shóisialta

Féadfaimid uirlisí TF tríú páirtí a úsáid chun eolas ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí (féach ceannteideal 2) ar a dtugtar cur síos thuas trí chainéil chumarsáide, lena n-áirítear na meáin shóisialta. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le húsáid na meán sóisialta ag an gCoimisiún Eorpach, féach Taifead ar Phróiseáil DPR-EC-00073 (Úsáid na Meán Sóisialta ag an gCoimisiún Eorpach).

Chun do phríobháideachas a chosaint, ní shocraítear fianáin tríd an úsáid a bhainimid as uirlisí TF tríú páirtí chun nascadh leis na seirbhísí sin nuair a lódáiltear ár leathanaigh gréasáin ar do ríomhaire (nó ar ghairis eile), ná ní atreoraítear tú go díreach chuig na meáin shóisialta sin ná chuig suíomhanna gréasáin eile. Ní shuiteáiltear fianán de chuid chuideachta na meán sóisialta lena mbaineann ar do ghaireas ach i gcás ina gcliceálann tú ar chnaipe nó “cas” ar fhíseán chun féachaint air. Mura gcliceálann tú ar aon chnaipe ná físeán de chuid na meán sóisialta, ní shuiteálann aon tríú páirtí aon fhianán ar do ghaireas.

Chun féachaint ar ábhar tríú páirtí den sórt sin ar ár suíomhanna gréasáin, cuirfear in iúl trí theachtaireacht go gcaithfidh tú glacadh le Téarmaí agus Coinníollacha sonracha an tríú páirtí sin, lena n-áirítear a mbeartas fianán, nach bhfuil aon smacht ag an gCoimisiún air.

Molaimid go léifidh úsáideoirí go cúramach beartais phríobháideachais ábhartha na n-uirlisí meán sóisialta a úsáidtear. Mínítear iontu beartas gach cuideachta maidir le bailiú sonraí pearsanta agus próiseáil bhreise, an úsáid a bhaintear as sonraí, cearta úsáideoirí agus bealaí inar féidir le húsáideoirí a bpríobháideachas a chosaint nuair a bhíonn na seirbhísí sin á n-úsáid acu.

Le húsáid uirlis TF tríú páirtí ní chinntítear ar bhealach ar bith go bhformhuiníonn an Coimisiún Eorpach é ná a bheartais phríobháideachais. I gcás nach bhfuil uirlis TF amháin tríú páirtí nó níos mó ar fáil go hócáideach, ní ghlacaimid aon fhreagracht i leith easpa seirbhíse mar gheall ar neamhfhónaimh na n-uirlisí sin.
 

8. Cad iad na cearta atá agat agus cén dóigh a bhfeidhmítear iad? 

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14–25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb infheidhme, tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, próiseáil do shonraí pearsanta a shrianadh, agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil do DG.EAC.B.3 le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos. 

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríocht phróiseála shonrach amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarraidh.

Nuair a bheidh sé réidh agus foilsithe, is féidir an ráiteas príobháideachais seo a léamh ar leathanach gréasáin Bhliain Eorpach na hÓige ar Thairseach Eorpach na hÓige, sa rannóg ‘Príobháideacht’ sa bhuntásc. Ina theannta sin, roinnfear an ráiteas príobháideachais leis na hábhair sonraí láithreach a luaithe a bheidh a seoladh ríomhphoist ar eolas. 

9. Sonraí teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, AS.EAC.B.3 trí EYY2022@ec.europa.eu 

  • Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do chuid sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

10. Conas teacht ar thuilleadh eolais

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir a dhéanann an Coimisiún maidir le sonraí pearsanta, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl don Oifigeach. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-12988.1


 

 

dehaze