Skip to main content

Ócáid teacht le chéile DiscoverEU!

An 11-12 Aibreán 2024 reáchtálfar ócáid teacht le chéile DiscoverEU sa Bhruiséil i gcomhthéacs Sheachtain Eorpach na hÓige 2024. 

Ar an gcéad lá, glacfaidh na rannpháirtithe páirt i gCluiche Cathrach chun cur amach a fháil ar an mBruiséil. Tabharfaidh siad cuairt freisin ar roinnt bialanna áitiúla chun blaiseadh a fháil de bhia áitiúil.

Ar an dara lá, glacfaidh siad páirt sa chéad imeacht chun tús a chur le Seachtain na hÓige i bParlaimint na hEorpa ar an téama ‘Cuir d’Fhís in Iúl, an Daonlathas i mbun Gníomhaíochta’.

Cuirfidh duine amháin de na rannpháirtithe óga tuairisc in airde ar chuntas Instagram Óige na hEorpa, mar sin coinnigh súil air!

Cad é DiscoverEU?

Is gníomhaíocht de chuid chlár Erasmus+ é DiscoverEU a thugann deis duit eolas a chur ar éagsúlacht na hEorpa, foghlaim faoina hoidhreacht chultúrtha agus a stair, agus nascadh le daoine ó gach cearn den mhór-roinn. Tugtar pas taistil do na taistealaithe a roghnaítear le húsáid ar iarnród den chuid is mó chomh maith le Cárta Óige Eorpach chun réimse leathan lascainí a fháil le linn a dturais.