Skip to main content

Seachtain Eorpach na hÓige

Fáilte go Seachtain Eorpach na hÓige 2026! Is imeacht í seo a eagraíonn an Coimisiún Eorpach gach dara bliain chun rannpháirtíocht agus saoránacht ghníomhach na hóige a cheiliúradh agus a chur chun cinn ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Beidh sí ar siúl ón 24 Aibreán go dtí an 1 Bealtaine 2026.

Beidh an t-eagrán seo dírithe ar an Dlúthpháirtíocht agus ar an gCothroime. Déanaimid ceiliúradh ar 30 bliain d’obair dheonach san Eoraip le taispeántas atá tiomnaithe d’Eorpaigh a bhfuil difríocht déanta acu sa tsochaí. 

Cuirfear tús leis an tseachtain i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil an 24 Aibreán 2026 le breis agus 1,000 rannpháirtí, daoine óga den chuid is mó, agus déanfaidh siad a gcuid smaointe agus tuairimí a mhalartú le linn lá iomlán gníomhaíochtaí. Tá an chéad imeacht á chomheagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Parlaimint na hEorpa. 

Beidh an seisiún iomlánach ar siúl ó 9.15 go 11.00 a.m. (am na Bruiséile) i Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa. Cuirfear tús leis le teachtaireachtaí físeáin ó Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh Pia Ahrenkilde Hansen, Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, seisiún ardleibhéil a stiúradh ina mbeidh comhráite dinimiciúla péireáilte idir cainteoirí ardleibhéil agus daoine óga spreagúla: 

  • Nela Riehl, Feisire de Pharlaimint na hEorpa agus Yuliya Ralko, saineolaí abhcóideachta óige agus iriseoir ón mBealarúis
  • Glenn Micallef, an Coimisinéir Eorpach um Chothroime Idirghlúine, um an Óige agus um Chultúr agus Spórt agus Magnus Lenngren, Leas-Uachtarán Óige na Croise Deirge san Iorua
  • Marios Panayides, Rúnaí Buan in Aireacht Oideachais, Spóirt agus Óige na Cipire agus Lars Westra, Toscaire Óige an Aontais Eorpaigh chuig na Náisiúin Aontaithe
  • Rareș Voicu, Uachtarán Fhóram Eorpach na nÓg agus Anastasia Andreou, Saineolaí Cumarsáide Digití agus Abhcóide Cuimsithe.

 

Féach air tríd an mbeoshruth atá le fáil thíos! 

 

 
Clár
 
 
Conas páirt a ghlacadh

Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna agus faoi bheartais de chuid an Aontais? Ar maith leat ábhair atá tábhachtach duitse a phlé agus teagmháil a dhéanamh le lucht ceaptha beartas? Ar mhaith leat imeachtaí éagsúla a eagrú ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, sin agus páirt a ghlacadh iontu? Ar mhaith leat inspioráid a fháil ó scéalta daoine óga eile? 

Gníomhaíochtaí

Glac páirt i ngníomhaíochtaí ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin

 

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do Ghníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Líonra Eurodesk.