Skip to main content

Eolas

Fáilte go dtí Seachtain Eorpach na hÓige 2024! Is imeacht í seo a eagraíonn an Coimisiún Eorpach gach dara bliain chun rannpháirtíocht agus saoránacht ghníomhach na hóige a cheiliúradh agus a chur chun cinn ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Dátaí: 12-19 Aibreán 2024

 ‘Cuir do thuairim in iúl’ (Fócas: An daonlathas agus toghcháin Eorpacha)

Tá Seachtain Eorpach na hÓige 2024 á reáchtáil 2 mhí roimh na toghcháin Eorpacha a bheidh ar siúl an 6 go dtí an 9 Meitheamh 2024. Is é is brí leis sin go mbeidh an daonlathas agus na toghcháin Eorpacha araon i gcroílár na díospóireachta. Tá sé in am don óige san Eoraip a bheith níos rannpháirtí sa tsochaí agus an daonlathas a chur i ngníomh. Déan deimhin de go gcloisfear thú agus ná dearmad do vóta a chaitheamh!

Imeacht tosaigh – 12 Aibreán 2024

Clár iomlán

Seisiún iomlánach tosaigh in éineacht le:

  • Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (teachtaireacht físeáin)
  • Margaritis Schinas, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (teachtaireacht físeáin)
  • Iliana Ivanova, an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige

Díospóireacht phainéil ina dhiaidh sin maidir le ‘An óige a chumhachtú: Daonlathas, rannpháirtíocht agus na toghcháin Eorpacha" arna modhnú ag Pia Ahrenkilde Hansen, Ard-Stiúrthóir AS EAC.

Féach ar an seisiún iomlánach tosaigh thíos

Gníomhaíochtaí

Glac páirt i ngníomhaíochtaí ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin

Déan teagmháil leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta chun tuilleadh eolais a fháil faoi Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus líonra Eurodesk.