© Adam Nieścioruk - Unsplash
COVID-19: Bí ar an eolas, léirigh dlúthpháirtíocht agus bí slán!
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 28/04/2020
Tá paindéim COVID-19 ag athrú go gasta. An 11 Márta 2020 d’fhógair An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) go raibh paindéim roimh an domhan, de bharr dhéine agus leathadh tapa an víris.
Tá na mílte duine ionfhabhtaithe ar fud an domhain. Chun teacht ar réitigh, tá a mbearta á gcomhordú go gníomhach ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit. Cad atá á dhéanamh acu agus cad is féidir leat féin a dhéanamh le bheith slán sábháilte agus le do phobal a chosaint?
Cad iad na bearta atá á ndéanamh ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit?
Tá freagairt Eorpach chomhchoiteann ar an ráig de COVID-19 á comhordú ag an gCoimisiún Eorpach. Tá sé ag gníomhú go daingean chun ár n-earnálacha sláinte poiblí a neartú agus chun tionchar soch-eacnamaíoch na ráige san Aontas Eorpach a mhaolú. Gach bealach is féidir leis, tá an Coimisiún ag gníomhú chun cabhrú leis na Ballstáit a bhfreagairt náisiúnta a chomhordú agus tá eolas oibiachtúil á chur ar fáil aige ar leathadh an víris agus ar iarrachtaí éifeachtacha chun é a shrianadh. Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Mar shampla, tá an togra maidir le srian sealadach a chur ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas Eorpach formheasta ag Ballstáit uile Limistéar Schengen, togra lena bhforáiltear go ndúnfar teorainneacha seachtracha na críche, go ceann tréimhse 30 lá ar a laghad. Tá leathanach curtha ar bun ag an Aontas freisin chun eolas faoi chearta paisinéirí a thabhairt do na saoránaigh. Agus tá an tAontas ag infheistiú i dtionscadail taighde chun cóireálacha a thástáil agus a fhorbairt.
D’fhéadfadh difear a bheith idir na bearta coisctheacha sonracha ó Bhallstát go Ballstát, den chuid is mó toisc go bhfuil an víreas ag scaipeadh ar luasanna éagsúla ar fud na hEorpa.
Bí ar an eolas: seiceáil na foinsí oifigiúla
Tá cuid mhór bréagnuachta faoin víreas á roinnt ar na meáin shóisialta. Agus tú ag léamh ábhair nó ar tí é a roinnt, déan cinnte de go seiceálann tú bailíocht an eolais agus go n-úsáideann tú foinsí iontaofa atá cothrom le dáta, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, cuir i gcás, nó na leathanaigh eolais faoi COVID-19 atá ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, agus go leanann tú leathanaigh na n-údarás náisiúnta sna Ballstáit.
Tá faireachán géar á dhéanamh ar an ráig ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), agus cuireann sé ar fáil measúnuithe riosca, treoir faoin tsláinte phoiblí agus comhairle faoi ghníomhaíochtaí freagartha do na Ballstáit agus don Choimisiún Eorpach. Tá eolas úsáideach, ceisteanna coitianta cuimsitheacha san áireamh, le fáil ar an suíomh gréasáin seo faoi leathadh an víris san Eoraip.
Tá an Coimisiún Eorpach ag cuidiú chun an bhréagaisnéis a chomhrac trí dhlúthchomhar leis na hardáin ar líne. Beidh sé ina chuidiú freisin mura roinnfidh tú aon eolas neamhfhíoraithe ó fhoinsí amhrasacha.
Cad is féidir leatsa a dhéanamh chun stop a chur le leathadh an víris?
Is féidir le gach uile dhuine bearta réamhchúraim a dhéanamh chun an galar seo a throid. Tá 7 ngníomh is féidir leat a leanúint chun stop a chur le leathadh an víris leagtha amach ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Féach ar an bhfíseán lena fháil amach cad iad.

Chomh maith leis na moltaí sláintíochta sin, tá an chuid is mó de na tíortha ag moladh dá saoránaigh scaradh sóisialta a chleachtadh (is é sin 1 mhéadar ar a laghad a choinneáil idir daoine de ghnáth) agus fanacht sa bhaile chun tú féin agus daoine eile a chosaint ar an tinneas.
Tá #stayhome agus #fansabhaile go mór i mbéal an phobail – baineann an mana le bheith slán agus le bheith freagrach ar son an phobail trí chéile. Seans gur siomptóim éadroma a bheidh ar an gcuid is mó de na daoine, ach beidh mionlach ann a mbeidh siomptóim thromchúiseacha orthu. Má fhanann tú sa bhaile cuireann tú srian le leathadh an víris, rud a laghdaíonn an brú ar ár gcórais sláinte agus a chuireann leis na seansanna atá ag na daoine sna hospidéil teacht slán.
Cad is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú le daoine eile?
Ar dtús, ba cheart duit cloí leis na moltaí náisiúnta maidir le stop a chur le leathadh an ghalair. Ansin d’fhéadfá tacú le daoine eile le linn na tréimhse deacra seo. Agus daoine ag déanamh iarracht tacú le chéile, go háirithe leo sin atá níos leochailí, is iomaí gníomh dlúthpháirtíochta atá ag teacht chun cinn go nádúrtha. Mar shampla, tá daoine ag déanamh na siopadóireachta dá gcomharsana aosta nach féidir a dtithe a fhágáil (ach an scaradh sóisialta a chleachtadh ar ndóigh!), tá daoine eile ag tacú le páistí óga lena n-obair bhaile, etc.
Tá roinnt tíortha tar éis iarraidh ar dhaoine óga tacú le grúpaí leochaileacha chun tionchar sóisialta na géarchéime reatha a laghdú. Sin atá ag tarlú sa Fhrainc, mar shampla, áit a bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine óga obair dheonach a dhéanamh tríd an tseirbhís shibhialta náisiúnta. Chláraigh 100,000 duine le hardán tiomnaithe na seirbhíse laistigh de 2 lá, rud a thaispeánann go soiléir go bhfuil fonn mór ar dhaoine óga dlúthpháirtíocht a léiriú!
Chun cabhrú le daoine déileáil le dianghlasáil COVID-19, tá feachtas na Dlúthpháirtíochta Digití seolta ag an Iodáil a iarrann ar chuideachtaí agus ar fhoilsitheoirí idirlín seirbhísí a chur ar fáil saor in aisce chun cuidiú le daoine a bheith ag obair nó ag staidéar ón mbaile, nó díreach chun leadrán an ghaibhnithe a mhaolú. Ar leathanach na Dlúthpháirtíochta Digití is féidir teacht saor in aisce ar nuachtáin ar líne, idirlíon níos tapúla agus ardáin ríomhfhoghlama, agus is féidir le cuideachtaí clárú chun a gcuid seirbhísí a chur ar fáil saor in aisce.
Cén tionchar atá ag paindéim COVID-19 ar chláir óige an Aontais Eorpaigh?
Tá srianta taistil agus cruinnithe i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát chun leathadh an víris a chosc. Agus ar ndóigh baineann na srianta sin freisin le tionscnaimh óige de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, go leor de na tionscnaimh a bhí beartaithe do mhíonna an earraigh, rinne an tAontas iad a chur ar ceal, a chur ar athlá nó a athsceidealú. Anseo thíos tá tuilleadh eolais faoi gach ceann de na tionscnaimh sin.
- DiscoverEU: tá sé ar athlá go bhfógrófar a mhalairt.
- An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach: tá formhór na ngníomhaíochtaí faoi thionchar na srianta. Tá moltaí ann d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair.
- Erasmus+: tá formhór na ngníomhaíochtaí faoi thionchar na srianta. Tá moltaí ann d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair.
- Malartú Fíorúil Erasmus+: tá na tionscadail fós ar siúl.
Féach an bhileog eolais ón gCoimisiún: COVID-19: comhairle phraiticiúil riachtanach maidir le soghluaisteacht Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.