An EU-funded HOPES scholarship enabled Syrian refugee Mohammad Al-Deiri to continue his studies in Jordan and fulfil his father’s dying wish. © European Union 2017-2018, Johanna de Tessières
Le scoláireachtaí atá á maoiniú ag an Aontas, cumhachtaítear dídeanaithe ón tSiria
An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 27/08/2021
Dírigh ar thodhchaí atá níos fearr: Le cláir scoláireachtaí atá á maoiniú ag an Aontas, cuidítear le dídeanaithe óga ón tSiria oideachas a fháil, scileanna praiticiúla poist a fhoghlaim agus a bheith féintuilleamaíoch i gcúinsí deacra.
Tá dídeanaithe ón tSiria ag maireachtáil faoi dhálaí deacra thar an teorainn óna dtír dhúchais atá á léirscriosadh ag an gcogaíocht. Le haghaidh na ndídeanaithe sin, bíonn an chosúlacht air go bhfuil sé dodhéanta an scoil a chríochnú, céim a bhaint amach nó tabhairt faoi oiliúint do phost i ngeall ar na deacrachtaí a bhíonn le sárú acu ó lá go lá.
Na daoine óga sin a bhfuil dóchas agus brionglóidí acu atá díreach ar aon dul leis na cinn atá agat féin, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar scoláireachtaí agus díriú ar thodhchaí atá níos fearr a bhuí le tionscadail atá á maoiniú ag Ciste Iontaobhais Réigiúnach an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSiria dar luach €1.9 billiún.
I ngeall ar an bhFóram Domhanda um Dhídeanaithe a reáchtáladh le déanaí, seo spléachadh ar chuid de na tionscnaimh sin agus na daoine ón tSiria ar chuidigh siad leo.
EDU-SYRIA
Tháinig Maram Malsi chuig Amman, príomhchathair na hIordáine, in 2011 agus a bhuí le EDU-SYRIA, bhí sí in ann tabhairt faoi chúrsa staidéir maidir le saotharlanna leighis.
“Bhí mé an-sásta agus bhí aislingí breátha agam tabhairt faoi chúrsa oideachais agus a bheith i mo mhac léinn iontach. Ach ansin, thosaigh an ghéarchéim sa tSiria,” a dúirt sí. “Tá an scoláireacht an-tábhachtach dom – is deis í chun mo staidéar ardoideachais a chur i gcrích.”
Is tionscadal €17.6 milliún é a bhfuil maoiniú faighte aige freisin ón Ionstraim Eorpach Chomharsanachta anuas ar an tacaíocht ó Chiste Iontaobhais Réigiúnach an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSiria. Tugann sé rochtain ar chóras ardoideachais na tíre do dhídeanaithe ón tSiria atá ina gcónaí san Iordáin. Is é is sprioc an tionscadail cuidiú leo poist agus slite beatha cobhsaí a bhaint amach trí eolas agus saineolas a roinnt leo.
Seoladh é in 2015 agus tá sé le leanúint ar aghaidh go dtí deireadh 2022. Is í Ollscoil Ghearmánach na hIordáine a chuireann EDU-SYRIA chun feidhme i gcomhpháirtíocht le ceithre institiúid áitiúla eile.
Daoine leochaileacha as an Iordáin a thagann ó phobail óstaigh na ndídeanaithe, bíonn siadsan i measc na ndaoine a mbronntar scoláireachtaí orthu freisin. Is féidir leo uile tabhairt faoi réimse leathan clár Baitsiléara agus Máistreachta, cuir i gcás i dteicneolaíocht na faisnéise nó san innealtóireacht, san iriseoireacht nó sa chaomhantas ailtireachta. Mar chuid den ghairmoiliúint, dírítear ar chúrsaí gnó agus airgeadais, chomh maith leis an bhfáilteachas agus bainistíocht bialainne.
SPARK
Pictiúr: Rasha Rifaai, ar dídeanaí ón tSiria í, cháiligh sí mar chúntóir múinteoireachta naíolainne sa Liobáin a bhuí le tionscadal SPARK atá á mhaoiniú ag an Aontas. © An tAontas Eorpach 2017-2018, Johanna de Tessières.
Theith Rasha Rifaai go dtí an Liobáin in 2014 tar éis di an mheánscoil a chríochnú agus bhí sí in ann leanúint ar aghaidh lena staidéar ar oideachas luath-óige a bhuí le tionscadal SPARK. Nuair a bronnadh a céim uirthi, d'éirigh léi post a fháil mar chúntóir múinteora naíolainne. Sin rud a chuidigh go mór lena clann.
“Is ormsa amháin atá mo thuismitheoirí ag brath,” a dúirt sí. “Leis an bpost seo, tá feabhas tagtha ar ár gcúinsí airgeadais.”
Bhain sí tairbhe as ar bhealach eile freisin.
“Thug mé faoi seo le go bhféadfainn mo shaol a thabhairt chun cinn agus freisin chun cuid de na haislingí agus na huaillmhianta atá agam a chomhlíonadh,” a dúirt sí chomh maith.
Le tionscnamh €18.5 milliún de chuid Chiste Iontaobhais an Aontais, tugtar rochtain ar scoláireacht le haghaidh cláir Bhaitsiléara do dhídeanaithe agus don óige áitiúil atá faoi mhíbhuntáiste sa Liobáin, san Iaráic agus sa Tuirc. Tá tuairim agus 2,484 duine ag baint tairbhe as an tionscnamh sin. Sa Liobáin, cuireann sé scoláireachtaí gairmoiliúna ar fáil freisin do mhuintir na Siria agus do dhaoine óga leochaileacha araon.
HOPES
Pictiúr: Chuir scoláireacht HOPES, atá á maoiniú ag an Aontas, ar a chumas do Mohammad Al-Deiri, ar dídeanaí ón tSiria é, leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir san Iordáin agus an mhian a bhí ag a athair ar leaba a bháis a chomhlíonadh. © An tAontas Eorpach 2017-2018, Johanna de Tessières.
Chuidigh tionscnamh €12 mhilliún HOPES leis na mílte daoine ón tSiria agus daoine óga san Éigipt, san Iaráic, san Iordáin, sa Liobáin agus sa Tuirc trí scoláireachtaí, comhairleoireacht acadúil, Béarla don ollscoil agus cúrsaí scileanna staidéir, chomh maith le maoiniú le haghaidh tionscadail nuálacha ghearrthéarmacha oideachasúla.
Cuireadh an tionscnamh chun feidhme ó Aibreán 2016 go dtí mí na Samhna 2019. Mhéadaigh sé ionchais agus athléimneacht na ndídeanaithe ón tSiria agus chuidigh sé le pobail óstaigh áitiúla na ndídeanaithe, pobail a mbíonn ró-ualach orthu go minic.
A bhuí le scoláireacht HOPES, is é Mohammad Al-Deiri an chéad duine ón tSiria a bhfuil cónaí air i gcampa sraoilleála dídeanaithe Zaatari agus ar bronnadh céim air ó ollscoil san Iordáin.
I mí an Mhárta 2018 d'éirigh leis ina viva tráchtais agus bronnadh céim Mháistreachta san oideachas air, rud a d'fhág gur chomhlíon sé an mhian a bhí ag a athair ar leaba a bháis.
“Mhothaigh mé gur chaill mé gach deis a bhí agam go tobann, díreach mar a bheadh doras á phlabadh i m'aghaidh. Ba é an scoláireacht seo eochair an dorais sin agus níl a shárú ar an gcaoi a mothaím anois,” a mhínigh Al-Deiri.
Go dtí seo, tá maoiniú curtha ar fáil ag Ciste Iontaobhais Réigiúnach an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSiria maoiniú ar fáil le haghaidh beagnach 6,000 scoláireacht.