Skip to main content
© European Union © European Union

Labhróimis faoin Eoraip! Féach ár mbosca uirlisí ar líne a chruthaigh daoine óga i dteannta a chéile

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 16/12/2024

Mar chuid den bhosca uirlisí, tá ábhair atá réidh le húsáid, a bailíodh le chéile agus a cuireadh ar fáil le linn an tionscadail “Insint Nua ar an Eoraip”, ar tionscadal é a mhair ar feadh 5 bliana. Is é is aidhm dó tuilleadh idirphlé a spreagadh maidir leis an Eoraip agus an todhchaí atá roimpi. Féadfaidh tú do dhíospóireacht féin a chruthú!

Ba é bunsmaoineamh an tionscnaimh “Insint Nua ar an Eoraip” an Eoraip agus a saoránaigh a nascadh le chéile ar bhealach níos dlúithe, spiorad “Eorpach” a athbheochan bunaithe ar bhunluachanna na hEorpa, agus scéalta Eorpacha nua a chumadh i dteannta a chéile. Mar chuid den chéad chéim, ghlac ionadaithe ó earnáil an chultúir, earnáil na n-ealaíon agus earnáil na heolaíochta páirt ghníomhach sa díospóireacht agus cheap siad an Dearbhú “Intinn agus Corp na hEorpa” lena gcuirtear luachanna Eorpacha chun cinn, cuir i gcás an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, dínit an duine agus cearta an duine. 

Mar chuid den dara céim, dhírigh an tionscnamh ar dhaoine óga i ngeall gur príomhghníomhaithe an Aontais Eorpaigh iad. Ar feadh dhá bhliain, eagraíodh an iliomad imeachtaí agus díospóireachtaí ar fud na hEorpa chun tuairimí a bhailiú ó dhaoine óga maidir le todhchaí na hEorpa agus maidir leis na gnéithe de scéal agus de scéalta na hEorpa atá tábhachtach dóibh. An t-idirphlé le daoine óga, reáchtáladh é freisin ar thairseach thiomnaithe ar líne agus ar na meáin shóisialta freisin. Bailíodh tuairimí na ndaoine óga le chéile i bpáipéar ina ndéantar cur síos ar “12 smaoineamh maidir le todhchaí na hEorpa” agus ina dhiaidh sin, d'ullmhaigh ionadaithe daoine óga an dearbhú “YOUrope for Youth” [An Eoraip ar son na hÓige] ina bhfuil moltaí gníomhaíochta coincréiteacha, dearbhú a cuireadh i láthair ceannairí polaitiúla le linn ócáid chlabhsúir sa Bhruiséil. 

Chun dlús a choinneáil leis an idirphlé maidir leis an Eoraip agus chun leas a bhaint as an ábhar saibhir a bailíodh agus a cuireadh ar fáil a bhuí leis an tionscadal sin, chruthaíomar bosca uirlisí ar líne. Na hábhair scríofa agus na hábhair chlosamhairc atá stóráilte ann, tá siad ar fáil i 24 theanga de chuid an Aontais. Féadfar é a úsáid go forleathan chun cur leis an díospóireacht maidir le todhchaí na hEorpa, luachanna na hEorpa agus an tionscadal Eorpach nó chun an díospóireacht sin a spreagadh. Féach an méid atá ráite ag daoine óga eile cheana féin, faigh spreagadh uathu agus cruthaigh do dhíospóireacht féin! Glac páirt ann agus múnlaímis todhchaí na hEorpa i dteannta a chéile!