Skip to main content
© European Week of Sport © European Week of Sport

Seachtain Eorpach an Spóirt: seo chuige #BeActive!

An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 01/10/2020

Beag beann ar d’aois, do chúlra ná ar a aclaí atá tú, oireann an spórt do chách! Agus oireann Seachtain Eorpach an Spóirt, atá ar cheann de na tionscnaimh spóirt is mó ar domhan, do chách freisin. Seo chuige #BeActive!

Cad chuige Seachtain Eorpach an Spóirt?

Is éard is Seachtain Eorpach an Spóirt ann tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh chun an spórt agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn ar fud na hEorpa faoin mana #BeActive. Is é is aidhm don tionscnamh feasacht a ardú faoina thábhachtaí atá sé go mbeadh stíl mhaireachtála ghníomhach ag cách agus tá sé ceaptha daoine a spreagadh le bheith gníomhach! 

Cuireann an spórt agus gníomhaíocht choirp go mór le sláinte agus dea-bhail na saoránach Eorpach; mar sin féin, níl aon ardú ag teacht ar leibhéal na gníomhaíochta coirp san Eoraip i láthair na huaire agus is amhlaidh gur laghdú atá ag teacht air fiú amháin i dtíortha áirithe. Is comhfhreagairt ar an dúshlán sin í Seachtain Eorpach an Spóirt agus is glao chun gnímh í freisin.

Bí ullamh don chéad cheann eile!

Bíonn Seachtain Eorpach an Spóirt ar siúl gach bliain ón 23–30 Meán Fómhair agus eagraíonn na céadta comhpháirtithe sna tíortha rannpháirteacha na mílte imeachtaí. 

I gcaitheamh na Seachtaine, beidh an deis agat freastal ar ghníomhaíochtaí éagsúla, mar shampla cláir aclaíochta sna páirceanna, comórtais (scoile), cluichí, siúlóidí agus turais rothair, laethanta oscailte i gclubanna spóirt agus neart eile. Bealach iontach is ea é le spóirt nua a thriail, le bheith níos folláine agus le spraoi a dhéanamh!

#BeActiveAtHome: fan sa bhaile, bí gníomhach

Chun cuidiú leis na hEorpaigh leanúint den aclaíocht agus gníomhaíocht choirp a dhéanamh fiú amháin i gcúinsí nach bhfacthas roimhe, sheol an Coimisiún Eorpach an feachtas #BeActiveAtHome. 
A bhuí leis an bpobal #BeActive, d’oibríomar le chéile i gcaitheamh an choir mhóir seo, ag úsáid na meán sóisialta chun borradh a chur faoin ngníomhaíocht! Trí phostáil a dhéanamh leis an haischlib #BeActiveAtHome agus @EUSport a lua ar Twitter agus @european_youth_eu a lua ar Instagram, léiríomar a bhfuil á dhéanamh agaibh le bheith aclaí (agus le rud beag spraoi a dhéanamh lena chois!).