Skip to main content
© European Economic and Social Committee © European Economic and Social Committee

Leatsa an Eoraip, Abair leat! – Glac páirt in éineacht le do scoil!

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 10/07/2024

Leatsa an Eoraip, Abair leat! Is é Leatsa an Eoraip, Abair leat! an t-imeacht óige bliantúil a bhíonn ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina ndéantar ceangal idir daoine óga agus an Eoraip.

Gach bliain, bíonn deis ag daoine óga idir 16 agus 18 mbliana d’aois as Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh agus as tíortha is iarrthóirí oifigiúla an Aontais (an Albáin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, agus an Tuirc) dul chuig an mBruiséil ar feadh dhá lá chun foghlaim faoi Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus an ról atá aige, agus chun tuairimí a mhalartú agus moltaí a dhéanamh ar ábhar sonrach a chuirfear ar aghaidh ansin chuig institiúidí an Aontais Eorpaigh. 
Cuireadh imeacht 2020 ar ceal mar gheall ar ráig Covid-19 ach d'fhéadfadh do scoil a bheith páirteach ann an chéad bhliain eile! 
In 2021, faoin téama “Ár nAeráid, ár dtodhchaí!” beidh rannpháirtithe in ann páirt a ghlacadh in ionsamhlú de chomhdháil idirnáisiúnta COP agus a n-ábhar imní a chur in iúl maidir leis an athrú aeráide. Ina theannta sin, cuirfear rannpháirtithe i dteagmháil freisin le heagraíochtaí idirnáisiúnta don óige a chabhróidh leo bearta praiticiúla a dhéanamh dá gcuid moltaí.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ach le do scoil amháin. Le bheith páirteach ba cheart do do scoil:

  • a bheith ina meánscoil, is cuma cén cineál, ina bhfuil daltaí idir 16-18 mbliana d’aois;
  • a bheith lonnaithe i mBallstát den Aontas Eorpach nó i gceann de na tíortha is iarrthóirí;
  • a bheith aitheanta ag na húdaráis oideachais i mBallstát amháin nó níos mó nó i dtíortha is iarrthóirí;
  • ríomhaire a bheith aici (chun comhaid PDF a léamh agus a phriontáil), ar a bhfuil rochtain idirlín agus ríomhphost;
  • múinteoir amháin agus triúr daltaí a roghnú atá sa bhliain leathdhéanach d’aon chineál oideachais meánscoile, lena n-áirítear gairmscoileanna oiliúna (16 bliana d’aois) atá in ann iad féin a chur in iúl i mBéarla;
  • topaic an imeachta a bhreithniú agus a phlé sa rang sula dtagann siad chun na Bruiséile;
  • Comhalta amháin as Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a óstáil le haghaidh seisiún faisnéise ar an Aontas Eorpach agus an Coiste, do rang amháin nó níos mó as an scoil a roghnófar (íocfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa costais taistil an chomhalta Coiste).

Ní ghlacfar ach le foirm chláraithe amháin in aghaidh na scoile.

Tar éis clárúcháin, roghnófar scoil amháin as gach ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, mar aon le scoil as gach ceann de na tíortha is iarrthóirí.
Roghnóidh na scoileanna a roghnófar triúr scoláirí ansin a bheidh sa bhliain leathdhéanach d’aon chineál oideachais meánscoile (16 bliana d’aois) chun ionadaíocht a dhéanamh orthu, chomh maith le múinteoir a rachaidh in éineacht leo. 
Caithfidh na daoine sin a bheith in ann iad féin a chur in iúl i mBéarla.

Ar mhaithe le comhionannas inscne, ba cheart go roghnófaí buachaill amháin agus cailín amháin ar a laghad más féidir é.
Ní mhór do scoileanna a chinntiú go mbeidh daltaí faoi mhíchumas in ann páirt a ghlacadh san imeacht freisin.

Beidh an ócáid ar siúl sa Bhruiséil ag ceanncheathrú Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Íocfaidh an Coiste costais taistil agus lóistín na scoláirí agus an mhúinteora a bheidh in éineacht leo.
 
Coinnigh cluas linn, chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcéad ghairm eile.
 
Faigh amach tuilleadh faoi sheisiúin roimhe seo anseo.