Skip to main content
© Guillaume Périgois - Unsplash © Guillaume Périgois - Unsplash

Cúrsaí Oiliúna Schuman i bParlaimint na hEorpa

An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 01/10/2020

Tairgeann Parlaimint na hEorpa cúrsaí oiliúna éagsúla ina hArdrúnaíocht chun cur le gairmoiliúint saoránach óg agus leis an tuiscint atá acu ar fheidhmiú na hinstitiúide.

Is cúrsaí oiliúna cúig mhí a bhíonn i gceist.

Le bheith incháilithe, ba cheart:

  • 18 mbliana d’aois ar a laghad a bheith slánaithe agat;
  • dioplóma(í) ollscoile a bheith agat;
  • sáreolas a bheith agat ar theanga amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas an-mhaith a bheith agat ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais;
  • sliocht as do thaifead coiriúil a sholáthar;
  • nach mbeadh breis agus dhá mhí as a chéile caite agat ag obair laistigh d’Institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais;
  • nach mbeadh Cuairt Staidéir déanta agat i Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa sé mhí roimh thús an chúrsa oiliúna.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ní mór na céimeanna seo a leanas a ghlacadh: 
Cláraigh ar dtús:

  • téigh chuig príomhleathanach na dtairiscintí ar chúrsaí oiliúna;
  • líon isteach an fhoirm "Clárúchán nua" le do chuid sonraí pearsanta.
  • roghnaigh tairiscint ar mhian leat cur isteach uirthi (suas le trí cinn);
  • cliceáil ar an gcnaipe chun iarratas a dhéanamh ar líne;

Chun iarratas a dhéanamh:

  • logáil isteach i do chuntas;
  • uaslódáil do CV (formáid Europass amháin);
  • uaslódáil litir chumhdaigh amháin in aghaidh na tairisceana ar chúrsa oiliúna (leathanach amháin ar a mhéad).

An chéad chéim eile?

Gheobhaidh tú an fhaisnéis mhionsonraithe uile agus amlíne an phróisis roghnúcháin ar an suíomh gréasáin faoi Chúrsaí Oiliúna i bParlaimint na hEorpa.

Deontas

Faigheann na hoiliúnaithe a roghnaítear liúntas míosúil ag brath ar na háiteanna a gceaptar iad.

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh

Is ann do dhá sheisiún de chúrsaí oiliúna:
- 1 Deireadh Fómhair - 28/29 Feabhra - Tosaítear ag glacadh le hiarratais: 1 Meitheamh - 30 Meitheamh.
- 1 Márta - 31 Iúil - Tosaítear ag glacadh le hiarratais: 1 Samhain - 30 Samhain.
 
Tabhair do d’aire nach nglacfar le hiarratais a chuirfear isteach tar éis an spriocdháta ná le hiarratais gan choinne.
 
Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin oifigiúil Pharlaimint na hEorpa.