Skip to main content
© Suhyeon Choi - Unsplash © Suhyeon Choi - Unsplash

An bhfuil briseadh bliana ar intinn agat?

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 13/11/2023

Má tá tú ag iarraidh an domhan mór a fheiceáil ach nach bhfuil mórán airgid agat, téigh ag obair ar fheirm orgánach sa Bholaiv, oibrigh mar au pair sa Fhrainc, faigh post samhraidh san Astráil, nó déan obair dheonach thar lear.

Má tá tú ag iarraidh teacht ar chultúir nua, teangacha nua a fhoghlaim agus bualadh le daoine difriúla ar fud na cruinne ach nach bhfuil mórán airgid agat, seo roinnt leideanna agus smaointe duit faoi bhealaí eile le dul ag taisteal thar lear.

Ag taisteal trí oibriú

  • Déanann WWOOF ceangal idir oibrithe deonacha agus feirmeoirí agus curadóirí orgánacha ar fud an domhain, a thairgeann bia agus lóistín duit mar chúiteamh ar chúnamh a fháil le fíon a dhéanamh nó le muca a thógáil. Caithfear táille ballraíochta £15 a íoc chun an liosta óstach a fheiceáil.
  • World packers. Malartaigh do chumas eagarthóireachta físe ar bhia agus lóistín sa Bhrasaíl. Seo sampla amháin den scéim ‘scileanna i gcomhair lóistín’ ar sainghné de chuid World packers í. Caithfidh daoine a bheidh ag taisteal táille a íoc nuair a dheimhneofar a socrúchán.
  • Au pair. Cabhraigh le teaghlach aire a thabhairt dá gclann ar lóistín agus airgead póca. Ní gá duit aon táille a íoc.
  • Suíomh gréasáin é Summer Jobs ar ar féidir leat cuardach a dhéanamh ar phoist shéasúracha i gcampaí, páirceanna siamsaíochta, ionaid saoire, páirceanna náisiúnta, óstáin, eagraíochtaí comhshaoil agus neart eile.
  • Tugann Scoláireachtaí World Nomads deis duit dul ag taisteal agus foghlaim ag an am céanna faoi ghrianghrafadóireacht, scríbhneoireacht agus scannánaíocht. Faigheann na buaiteoirí deis a bheith ag foghlaim ó scéalaithe gairmiúla. Clúdaíonn an scoláireacht costais bhia agus taistil ar thuras coicíse. 
  • Feighlíocht Tí. Nuair a théann teaghlach thar lear bíonn duine éigin ag teastáil uathu chun aire a thabhairt dá dteach, tabhairt faoin ngarraíodóireacht nó aire a thabhairt don mhadra. Bheifeá féin in ann é sin a dhéanamh! Nuair a bhíonn duine i bhfeighil tí fanann sé i dteach duine saor in aisce agus é de chúram air aire a thabhairt don teach agus an teach a choimeád glan. Bíonn gach duine sásta! Seo roinnt ardán dá leithéid: Nomador, Mindmyhouse, Trustedhousesitters.

Obair dheonach

  • Tugann Saorálaithe Cabhrach de chuid AE deis duit obair dheonach a dhéanamh ar fud na cruinne i dtionscadail um chabhair dhaonnúil i bpobail atá buailte de dheasca tubaistí.
  • Is é an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach an tionscnaimh nua atá ag an Aontas Eorpach a chruthaíonn deiseanna do dhaoine óga obair a dhéanamh go deonach nó ar phá ar thionscadail ina dtír féin nó thar lear, tionscadail a théann ar sochar do phobail agus do dhaoine ar fud na hEorpa.

 Deiseanna eile d’oibrithe deonacha:

Cuimhnigh: 
Ní liosta iomlán é seo, agus tagann deiseanna nua chun cinn an t-am ar fad. Má tá tuilleadh eolais uait, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn!