#DiscoverEU
An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 19/04/2024
Beidh deis ag na mílte daoine atá 18 mbliana d’aois taisteal tríd an Eoraip saor in aisce le #DiscoverEU. Bí ullamh don chéad bhabhta iarratas eile!
Ar theastaigh uait riamh taisteal tríd an Eoraip? A bhuíochas do thionscnamh #DiscoverEU an Aontais Eorpaigh d’fhéadfá sin a dhéanamh. Leis an oiread sin le déanamh agus le feiceáil ar fud an Aontais, is cinnte gur eispéireas é a d’athródh do shaol.
Cad é #DiscoverEU agus cén chaoi a n-oibríonn sé?
Tá pasanna taistil á dtairiscint ag an Aontas le go bhféadfaidh tú an éagsúlacht chultúrtha ann a fhiosrú, nascadh le hEorpaigh eile, agus taitneamh a bhaint as na buntáistí a bhaineann le saoirse gluaiseachta!
Má tá tú 18 mbliana d’aois, tá tú incháilithe le taisteal ar feadh lá amháin ar a laghad agus suas le 30 lá. Osclófar an chéad bhabhta iarratais eile ar Thairseach Eorpach na hÓige, coinnigh súil air anseo.
Tabharfaidh DiscoverEU pasanna do rannpháirtithe chun taisteal ar an traein, ach cuimhnigh nach bhfuil lóistín ná costais mhaireachtála san áireamh má bhuann tú! Léigh tuilleadh lena fháil amach conas aistear iontach a phleanáil!
Pleanáil do Thuras
Le go mbeidh an turas chomh réidh agus is féidir, is fearr pleanáil roimh ré! Le cabhrú leat buiséad a dhéanamh, bí cinnte go mbíonn an costas maireachtála agus praghas taistil go dtí na cinn scríbe ar eolas agat. Tabhair faoi deara gurbh fhéidir go gcaithfí traenacha áirithe a chur in áirithe. Sna cásanna sin, ní mór duit na traenacha a chur in áirithe tú féin. Má tú le dul ag taisteal san oíche, seiceáil más féidir leaba a chur in áirithe ar an traein áirithe sin. Féach ar an bhforbhreathnú ar an gcostas áirithinte de réir tíre ionas nach dtiocfaidh aon ní aniar aduaidh ort!
Is féidir le haipeanna a bheith an-úsáideach freisin – leis an bpleanálaí turais seo, aip threorach Lonely Planet agus Citymapper, féadfaidh tú turas iontach a phleanáil.
An bhfuil tuilleadh eolais uait? Ar Fhóraim Tíortha Lonely Planet féadfaidh tú ceisteanna a chur faoi thír nó cathair ar leith. Tá eolas iontach le fáil freisin ar VisitEurope.
D’fhéadfá go leor airgid a shábháil freisin trí chostais lóistín a laghdú! Má tá sonraí uait faoi bhrúnna óige, campáil agus árasáin a fháil ar cíos, tá eolas le fáil anseo.
Bí ar an eolas go moltar duit gan aon rud a chur in áirithe go dtí go mbeidh a fhios agat gur roghnaíodh thú, agus cé na dátaí a bheidh tú ag taisteal!
Imeachtaí agus smaointe
Tá cathracha na hEorpa lán le go leor imeachtaí iontacha, mar sin is cuma cén rud a bhfuil spéis agat ann, tá rud éigin ann duit!
In go leor cathracha Eorpacha, is féidir turas treoraithe saor in aisce a dhéanamh trí lár na cathrach. Is bealach deas agus saor é seo le foghlaim faoi stair na cathrach; agus is iondúil go dtugann an treoraí roinnt eolas úsáideach ó mhuintir na háite duit freisin.
Má tá smaointe uait faoi na háiteanna a bhféadfá cuairt a thabhairt orthu, clúdaíonn European Best Destinations réimse catagóirí, a bhaineann go príomha le suíomhanna cultúrtha ar fud na hEorpa. Gheobhaidh tú deis i bhféilte sráide le bheith páirteach i gcultúr na tíre cinn scríbe, agus taitneamh a bhaint as an bpléaráca le muintir na háite.
Molfar imeachtaí in Expatexplore freisin ar féidir leat taitneamh a bhaint astu le linn duit a bheith ag taisteal, go háirithe imeachtaí spóirt agus ealaíne.
Dóibh siúd a dtaitníonn ceol leo, bíonn réimse leathan taibheoirí le feiceáil ag féilte ar fud na hEorpa. Ó atmaisféar teaghlaigh ag Electric Picnic na hÉireann, chuig damhsa gan stad ag Tomorrowland na Beilge, clúdaítear gach seánra agus aoisghrúpa!
Fan Sábháilte!
Is féidir leat glaoch ar 112 fós i gcás éigeandála. Cuimhnigh nach mbíonn táillí fánaíochta i bhfeidhm níos mó san Aontas Eorpach, agus gur féidir leat breathnú ar léirmheasanna ar bhrúnna nó cuardach Google a dhéanamh ar cheantair ina mbeidh tú ag taisteal.
Má chailltear nó má ghoidtear rud éigin, caithfidh tú tuairisc a dhéanamh leis na póilíní áitiúla. Beidh ort tuairisc na bpóilíní a chur faoi iamh nuair a dhéanann tú éileamh árachais nó cúitimh. Cuir aon chárta dochair nó creidmheasa a chailltear nó a ghoidtear ar ceal láithreach. Má goideadh do phas, tuairiscigh é do chonsalacht nó ambasáid do thíre chomh maith leis na póilíní. Coinnigh scan de d’aitheantas nó do phas i gcónaí (i do ríomhphost mar shampla), d’fhéadfadh sé seo cabhrú leat i gcás éigeandála.
Chun tuilleadh leideanna a fháil maidir le fanacht sábháilte, cliceáil anseo!