
Oibrigh mar au pair thar lear – más breá leat a bheith ag obair le leanaí
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 18/05/2021
An bhfuil tú ag iarraidh taithí oibre agus taithí saoil a fháil i gcultúr eile trí sheal a chaitheamh le teaghlach eile? Má tá, b'fhéidir go bhfeilfeadh obair mar au pair duit!
Tugann au pair aire do na leanaí i dteaghlach agus b'fhéidir go mbeifí ag súil go gcuideodh an au pair le cúraimí an tí freisin. Mar luach saothair air sin, cuireann an teaghlach lánlóistín agus roinnt airgead póca ar fáil. Féadfaidh tú fad na tréimhse a oibreoidh tú mar au pair a chinneadh, bíodh cúpla mí i gceist, an samhradh ar fad nó fiú suas le bliain nó níos faide. Beidh slándáil shóisialta agus clúdach sláinte agat ach go hiondúil caithfidh tú féin na costais taistil a íoc.
Mura bhfuil teagmhálaithe pearsanta agat, is é an bealach is fearr chun socrúchán a dhéanamh ná sainghníomhaireacht nó saineagraíocht a úsáid, ach beidh ort táille bheag a íoc leo sin.
Cad iad na príomhchoinníollacha?
- Bíonn au pair idir 18 agus 24 bliana d'aois go hiondúil (cé go bhfreastalaíonn roinnt gníomhaireachtaí ar dhaoine ar mhaith leo oibriú mar au pair suas go dtí 30 bliain d'aois).
- Caithfidh tú eolas bunúsach a bheith agat ar an teanga i do thír óstach.
- Ní gá go mbeadh taithí shonrach agat – ach cinnte cuidíonn sé má tá tú in ann a thaispeáint gur chaith tú seal le leanaí roimhe seo.
- Ní bhíonn gá le ceadúnas tiomána i gcónaí, ach is buntáiste é a bheith agat.
Conas a thosóidh tú?
- Déan do chuid pleananna in am – ní bhíonn aon spriocdháta i gceist le hiarratas a dhéanamh de ghnáth, ach tabhair dóthain ama duit féin chun an teaghlach is fearr duitse a aimsiú agus chun na sonraí foirmiúla ar fad a shoiléiriú.
- Seiceáil gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí atá cáilithe chun socrúcháin au pair a eagrú (féach thíos). Má theastaíonn cúnamh uait, téigh i dteagmháil leis an Eurodesk is gaire duit.
Cá mbreathnóidh tú?
Tairgeann suíomhanna gréasáin difriúla deiseanna oibre mar au pair. Déan cinnte gur féidir brath ar an eolas (féadfaidh tú an Comhaontú Eorpach a sheiceáil freisin), téigh i dteagmháil leis na heagraíochtaí agus, más féidir, le daoine a d’oibrigh mar au pair leo cheana (féach ar ár n-alt How to choose a good volunteering opportunity [Conas a roghnóidh tú deis mhaith chun obair dheonach a dhéanamh] mar go mbeidh feidhm ag na seiceálacha cáilíochta céanna).
- Au pair world – bunachar sonraí domhanda au pair
- Find au pair – tugtar au pair agus teaghlaigh ar fud na cruinne le chéile, fóram plé, faisnéis faoi víosaí agus naisc chuig gníomhaireachtaí
- An Cumann Idirnáisiúnta Au Pair – rochtain ar eagraíochtaí atá gníomhach i ngach gné de chláir malartaithe au pair agus chultúrtha