© European Union, 2021
Clár Oiliúna Blue Book an Choimisiúin Eorpaigh ainmnithe le haghaidh Ghradam an Ombudsman Eorpaigh
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 08/06/2021
Ainmníodh Clár Oiliúna Blue Book an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh Ghradam an Ombudsman Eorpaigh. Is féidir leis an bpobal vóta a chaitheamh suas go dtí an 20 Meitheamh 2021.
Tá Clár Oiliúna Blue Book an Choimisiúin Eorpaigh tar éis ainmniúchán a fháil le haghaidh Ghradam Dea-Riaracháin an Ombudsman Eorpaigh sa chatagóir ‘Barr feabhais maidir le Bainistiú Géarchéime’, as an athléimneacht atá léirithe tríd an gclár le linn na tréimhse dúshlánaí seo.
An 24 Meitheamh 2021 a reáchtálfar an searmanas bronnta digiteach, agus is féidir é a leanúint ar leathanach an imeachta. Sa bhreis ar bhuaiteoir i ngach ceann de na ceithre chatagóir a luaitear sa chlár agus buaiteoir an Phríomhghradaim, i mbliana beidh buaiteoir an vóta phoiblí ann freisin.
Féach liosta na n-ainmniúchán agus go háirithe na tionscnaimh lena ndírítear ar dhaoine óga, cuir i gcás Clár na dTréimhsí Oiliúna (tionscadal uimh. 3), ar clár é a cuireadh in oiriúint go tapa do ghéarchéim COVID-19 chun go mbeadh oiliúnaithe in ann taithí luachmhar a fháil le linn a dtréimhsí oiliúna sa Choimisiún Eorpach. Caith vóta don tionscadal is fearr leat go dtí Dé Domhnaigh, an 20 Meitheamh 2021, 23:59 Am Lár na hEorpa.
An bhfuil spéis agat freisin léargas a fháil ar phróisis agus ar bheartais de chuid institiúidí an Aontais? Ar mhaith leat an teoiric acadúil a chur i ngníomh agus cur le hobair laethúil an Choimisiúin Eorpaigh? Féach Clár Oiliúna Blue Book, agus cá bhfios nach é an chéad chéim eile é i d'aistear gairme! Cuirfear tús leis an tréimhse iarratais do sheisiún mhí an Mhárta 2022 i Lúnasa 2021.