Skip to main content
Students in a classroom © Adobe Stock

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa: Cuir eolas ar an daonlathas rannpháirtíochta i do sheomra ranga

An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 03/02/2022

Cad is féidir leis an Aontas Eorpach a dhéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus leis na dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol? Conas is fearr is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sláinte a bheidh ann amach anseo? Leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tá an tAontas ag tabhairt deis uathúil do dhaoine óga todhchaí na hEorpa a mhúnlú! Labhair le do mhúinteoir agus déan deimhin de gur féidir le do rang páirt a ghlacadh sa deis uathúil seo, sin agus go gcloisfear tuairimí na ndaltaí agus na mac léinn!

De réir a chéile táthar ag baint níos mó úsáide as tionscnaimh rannpháirtíochta chun deis cainte a thabhairt do dhaoine maidir le nithe atá tábhachtach dóibh, rud a chomhlánaíonn agus a neartaíonn an daonlathas ionadaíoch – go deimhin tá neart cás-staidéar ann a léiríonn go bhfuil na tionscnaimh sin úsáideach agus go n-oibríonn siad. Ó thaobh na hoideolaíochta de, is deis atá ann freisin feasacht a ardú faoin tsaoránacht agus faoin Eoraip, agus an t-oideachas sibhialta a spreagadh.

Mar dhalta scoile nó mar mhac léinn ollscoile, tugann an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa deis uathúil duit gníomhaíocht a eagrú i do sheomra ranga féin – nó le ranganna difriúla i do scoil/ollscoil féin, nó idir scoileanna/ollscoileanna éagsúla – rud a mbeidh obair leanúnach nithiúil ar leibhéal an Aontais mar thoradh air.

 

Cad is féidir leat a dhéanamh go praiticiúil?

Labhair le do mhúinteoirí. Cuir ar an eolas iad gur féidir leo aischothú tábhachtach a spreagadh i measc a ndaltaí agus fíor-eispéireas daonlathais rannpháirtíochta a chruthú sa seomra ranga. 

Úsáidfear torthaí na díospóireachta uile-Eorpaí sin chun cur leis an bplé sna Painéil Saoránach Eorpach maidir le smaointe agus moltaí nithiúla a thabhairt do na hinstitiúidí Eorpacha faoi earrach 2022 i dtaca leis an mbealach chun cinn don Aontas Eorpach. Tá gealltanas tugtha ag gach institiúid Eorpach go dtabharfaidh siad faoin obair leantach. 

Faigh amach conas is féidir leat todhchaí na hEorpa a mhúnlú ar Chúinne na Foghlama de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.