© European Commission, 2022
An Fhéile um Rannpháirtíocht an Phobail agus um an Daonlathas Dioscúrsach – Glac páirt!
An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 07/04/2022
An bhfuil suim agat seisiún a eagrú i bhFéile na bliana seo um Rannpháirtíocht an Phobail agus um an Daonlathas Dioscúrsach (20 agus 21 Deireadh Fómhair 2022)? Is é Lárionad an Choimisiúin Eorpaigh um Inniúlachtaí maidir le Daonlathas Rannpháirtíochta agus Dioscúrsach a reáchtálann an Fhéile.
I gcomhthráth le Bliain Eorpach na hÓige 2022, is í ‘Rannpháirtíocht na nÓg’ téama na bliana seo don Fhéile um Rannpháirtíocht an Phobail agus um an Daonlathas Dioscúrsach, agus cuirimid fáilte roimh aighneachtaí ó dhaoine óga maidir le hábhair imní agus ábhair spéise na hóige go háirithe maidir le machnamh a dhéanamh ar conas is féidir le daoine óga a bheith gníomhach ar bhealach níos fearr i bpróisis bheartais agus taighde.
Táimid ag lorg smaointe seisiúin atá dinimiciúil, idirghníomhach, faisnéiseach agus spreagúil i dtaca leis an óige agus leis an daonlathas rannpháirtíochta agus dioscúrsach. Má roghnaítear d’aighneacht, beidh sé de chúram ort an seisiún a eagrú, le tacaíocht ó fhoireann na Féile. Is féidir seisiúin a eagrú go pearsanta sa Bhruiséil (an Bheilg) nó in Ispra (an Iodáil) agus ar líne freisin.
Is é an 15 Bealtaine 2022 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.
Féach ar an nglao ar léiriú spéise agus líon isteach an fhoirm iarratais. Bí i dteagmháil linn má tá aon smaointe eile agat nó má tá tú ag lorg bealaí eile chun páirt a ghlacadh: EU-CITIZEN-ENGAGEMENT@ec.europa.eu. Chun nuacht agus nuashonruithe a fháil faoin Lárionad Inniúlachta agus faoin bhFéile, cláraigh lenár nuachtlitir ráithiúil.