Nuair atá iarratas á dhéanamh agat, is féidir leat an pas, an cárta aitheantais nó an cárta cónaithe atá agat faoi láthair a úsáid fós, fiú má tá sé dulta in éag. Mar sin féin, má bhronntar pas taistil agus cárta lascaine ort, caithfidh doiciméad aitheantais bailí (pas, cárta aitheantais náisiúnta nó cárta cónaithe) a bheith agat nuair atá an fhoirm áirithinte á líonadh isteach agat chun iarratas a dhéanamh ar do phas taistil i ngeall go bhfuil próiseas fíorúcháin aitheantais curtha i bhfeidhm ag an gconraitheoir. Sa bhreis air sin, teastóidh doiciméad aitheantais bailí uait nuair a bheidh tú ag taisteal. Ní gá duit rud ar bith a dhéanamh má dhéanfar do dhoiciméad aitheantais a athnuachan idir an próiseas fíorúcháin aitheantais agus an taisteal féin.
A. GLAO AR IARRATAIS (RIALACHA)
Weight
8