Níl. Ní chlúdaítear na costais sin mar chuid den ghníomhaíocht. Is iad na rannpháirtithe, agus iad sin amháin, a chlúdóidh na costais lóistín agus chothabhála agus aon chostas taistil de thoradh roghanna na rannpháirtithe (e.g. tús a chur le do thuras i dtír eile), nó aon chostas eile a bhaineann leis an taisteal. Mar sin féin, cuirfidh an conraitheoir cárta lascaine DiscoverEU ar fáil duit, cárta a chuireann roinnt lascainí ar fáil ar lóistín, stóráil bagáiste agus go leor seirbhísí eile ar fud na hEorpa.
Ba chóir do na rannpháirtithe árachas sláinte agus árachas taistil iomchuí a fháil le haghaidh thréimhse iomlán an taistil. Is iondúil go gcuirfidh árachas sláinte náisiúnta an rannpháirtí cumhdach bunúsach árachais sláinte ar fáil tríd an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte le linn don rannpháirtí a bheith ag fanacht i mBallstát eile den Aontas Eorpach. D’fhéadfadh sé nach mbeadh gach cás féideartha san áireamh faoi chumhdach an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte nó faoi chumhdach árachas sláinte príobháideach, go háirithe má bhíonn gá le haisdúichiú nó le sain-idirghabháil leighis. I gcás den sórt sin, is inmholta an rud é árachas príobháideach comhlántach a fháil.