Tá Viana do Castelo suite i réigiún ina bhfuil áilleacht nádúrtha shármhaith, ag tairiscint deiseanna iontacha a bheith taobh amuigh faoin aer agus a bheith gníomhach ag rothaíocht nó ag siúl ar feadh an chósta. D’óstáil Viana do Castelo bealach rothaíochta mar chuid de Sheachtain Eorpach an Spóirt in 2023 agus déanfaidh sí amhlaidh arís in 2024, mar sin féach ar na bealaí má tá inspioráid uait. Sa bhaile tá rochtain éasca ar thránna áille freisin chun dul ag snámh nó ag siúl agus is suíomh aitheanta é do shurfáil, gaothshurfáil, surfáil eitleoige agus tonnmharcaíocht colainne. Cibé bealach is maith leat tabhairt faoin aclaíocht, sa bhaile seo i dtuaisceart na Portaingéile, cuirtear neart roghanna ar fáil duit.
Is é Santiago de Compostela príomhchathair réigiúnach na Gailíse, áit a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar fhoraoisí, gleannta coille, tránna fiáine agus tithe solais. Bain úsáid as Santiago mar phointe tosaigh chun blaiseadh a fháil de nádúr na Gailíse, mar shampla, aillte Costa da Morte, Páirc Náisiúnta Islas Atlánticas, trá Las Catedrales, siúlóid Shlí an Tí Solais nó cainneoin na nAibhneacha Sil agus Miño. Tá Santiago de Compostela aitheanta freisin mar phointe deiridh Camino de Santiago, oilithreacht cháiliúil le pointí tosaigh ar fud na hEorpa. Má bhraitheann tú gur mhaith leat dúshlán a thabhairt duit féin agus tabhairt faoi siúlóide fánaíochta fad-achair, is iontach an rud é triail a bhaint as. Dóibh siúd agaibh ar fearr leo taisteal ar dhá roth, is pointe deiridh bhealach 3 EuroVelo é freisin.
Aisling de bhaile is ea Donostia-San Sebastián. Tá sé dlúth le rudaí agus oiriúnach go maith le siúl, agus tá 3 thrá áille díreach i lár na cathrach, rud a fhágann go bhfuil sé éasca dul ag snámh. Agus tú ann is féidir leat foghlaim faoi chluiche traidisiúnta de chuid Thír na mBascach pelota nó súil a chaitheamh ar spóirt traidisiúnta eile agus spreagadh a fháil uathu. Má chuireann an spórt sin go léir ocras ort, stop agus bain triail as roinnt pinchos, sneaiceanna beaga atá tipiciúil sa réigiún, a sheirbheáiltear ar mhaide manglaim de ghnáth. Tá siad beag agus mar sin is bealach iontach iad chun go leor blasanna éagsúla a thriail. Tá an chathair timpeallaithe ag cnoic freisin, ag tairiscint deiseanna fánaíochta nó rothaíochta sléibhe.
Cad is féidir a rá faoi Pháras nach bhfuil ráite cheana féin? Óstálfaidh cathair na soilse dosháraithe na Cluichí Oilimpeacha in 2024 ar chomóradh céad bliain Chluichí Oilimpeacha Pháras 1924, rud a chiallaíonn gurb í an séú huair a d'óstáil an Fhrainc na Cluichí Oilimpeacha. Mura n-éiríonn leat ticéid a fháil le haghaidh na gCluichí, cuir siamsaíocht ar fáil duit féin trí spaisteoireacht timpeall mar fhíor-flaneur ag baint taitneamh as suíomhanna, ailtireacht, caiféanna, siopaí a bhfuil cáil dhomhanda orthu agus as saol sráide Pháras. Is féidir leat dul isteach agus amach as páirceanna cathrach nó an Promenade Plantée a thrasnú, siúlóid 5 km ar feadh tarbhealach ón 19ú haois a tréigeadh roimhe seo agus atá anois ina shiúlbhealach ardaithe páirce.
Mar óstach na chéad Chluichí Oilimpeacha Geimhridh in 1924, tá stair dhochreidte ag Chamonix mar áit le haghaidh sciála, sleamhnánú, siúlóireacht i mbróga sneachta, dreapadóireacht agus go leor eile. Ag bun Mount Blanc, an mullach is airde sna hAlpa, is áit álainn é Chamonix chun cuairt a thabhairt air. Cé go bhfuil sé i bhfad agus i gcéin, is í an chúis is coitianta le cuairt a thabhairt ar an áit ná sciáil, ach tá go leor gníomhaíochtaí ann fós do dhaoine nach sciálaithe iad. Agus má theastaíonn uait tú féin a chothú tar éis duit a bheith gníomhach lasmuigh den lá ar fad sa fhuacht, cén fáth nach mbainfeá triail as ceann de na miasa sómasacha Alpacha atá ar fáil sa réigiún mar fondú (cáis leáite) nó raclette (cáis leáite eile).
Má thug tú cuairt ar an bhFrainc riamh agus má thug tú faoi deara grúpa daoine ina seasamh sa pháirc agus iad ag comhrá agus ag tomhas an achar idir liathróidí airgid, beidh cur amach agat ar pétanque, cluiche clasaiceach Francach a cruthaíodh in La Ciotat. Nuair a thugann tú cuairt ar an láthair galánta seo ar chósta theas na Fraince, is furasta a fheiceáil conas a cruthaíodh cluiche suaimhneach sóisialta cosúil le pétanque anseo. Ceann de na rudaí is fearr le déanamh in La Ciotat is ea bheith ag spaisteoireacht thar timpeall an tsráidbhaile roimh dul go ceann de na tránna a bhfuil teacht éasca orthu chun dul ag snámh nó bualadh isteach i mbialann chun mias áitiúil, mar shampla, pistou, anraith Provençal a dhéantar de ghlasraí séasúracha, a bhlaiseadh. Más mian leat rud éigin atá beagáinín níos déine a dhéanamh, tá bealaí fánaíochta deasa ar fud an chósta.