Logáil isteach nó cláraigh
An bhfuil tú idir 18 agus 30 bliain d’aois agus ag lorg deis chun cuidiú leis an bpobal i gcoitinne, san Eoraip agus níos faide i gcéin?
Is féidir leat é sin a dhéanamh le maoiniú ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, a chabhraíonn le daoine óga páirt a ghlacadh i dtionscadail a théann chun tairbhe do phobail ina dtír féin nó i dtíortha eile.
Cuireann na tionscadail sin taithí spreagúil chumasaithe ar fáil, sin agus an seans athrú a dhéanamh sa saol agus do chuid scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt san am céanna.
An bhfuil cuntas de dhíth ort?
EU Login
- Cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh ar EU Login’ mura bhfuil cuntas EU Login agat fós.
- Tar éis duit do chlárúchán a chur isteach, gheobhaidh tú ríomhphost chun do chuntas a fhíorú.
- Lean an nasc a bheidh sa ríomhphost chun an próiseas fíorúcháin a chur i gcrích. Bí cinnte d’fhillteán turscair nó dramhphoist a sheiceáil mura bhfeiceann tú an ríomhphost i do bhosca isteach.
- Nuair a bheidh do sheoladh ríomhphoist fíoraithe, iarrfar ort pasfhocal slán a shocrú do do chuntas EU Login.
- Déan cinnte de go gcumasaíonn tú an Fíoriú Dhá Fhachtóir (MFA) tar éis duit an pasfhocal a shocrú. Is céim éigeantach í sin. Féach an leathanach seo má theastaíonn cabhair uait chun MFA a chumasú.
Níl fáil a thuilleadh ar chlárúcháin nua a úsáideann cuntais líonraí sóisialta (Google nó Facebook).
Ceadaítear clárúcháin nua le fíordheimhniú eID.
An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
- Tar éis duit cuntas EU Login a chruthú, cliceáil ar an rogha ‘Cláraigh’.
- Lean gach céim agus iarrfar ort logáil isteach in EU Login.
- Nuair a éireoidh leat logáil isteach, atreorófar thú chuig ár dtairseach chun do phróifíl don Chór Dlúthpháirtíochta a chríochnú.
